|
+Airteagal 31 1. |
Airteagal 31 1.Féadfaidh an Coimisiún cinneadh a ghlacadh lena bhforchuirtear íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla nach mó ná 5 % den mheánláimhdeachas domhanda laethúil sa bhliain airgeadais roimhe sin a fhorchur in aghaidh an lae ar ghnóthais, lena n-áirítear geatóirí i gcás inarb infheidhme, agus ar chomhlachais ghnóthas, arna ríomh ón dáta a socraíodh leis an gcinneadh sin, chun iallach a chur orthu:
(a)
na bearta a shonraigh an Coimisiún de bhun cinneadh faoi Airteagal 8(2) a chomhlíonadh;
(b)
an cinneadh de bhun Airteagal 18(1) a chomhlíonadh;
(c)
faisnéis atá ceart agus iomlán a sholáthar laistigh den teorainn ama a cheanglaítear de bharr iarrata ar fhaisnéis arna déanamh de bhun Airteagal 21;
(d)
rochtain ar shonraí, ar algartaim agus ar fhaisnéis faoi thástáil mar fhreagairt ar iarraidh arna déanamh de bhun Airteagal 21(3) a áirithiú agus míniúcháin orthu sin a sholáthar de réir mar a cheanglaítear le cinneadh de bhun Airteagal 21;
(e)
géilleadh do chigireacht arna hordú le cinneadh a rinneadh de bhun Airteagal 23;
(f)
cinneadh lena n-ordaítear bearta idirlinne a dhéanamh de bhun Airteagal 24 a chomhlíonadh;
(g)
gealltanais a ndearnadh ceangailteach de réir dlí iad de bhun Airteagal 25(1) a chomhlíonadh;
(h)
cinneadh de bhun Airteagal 29(1) a chomhlíonadh. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|