+Airteagal 32 Tréimhsí teorann le haghaidh pionóis a fhorchur
---+Airteagal 32 1.
---+Airteagal 32 2.
---+Airteagal 32 3.
---+Airteagal 32 4.
---+Airteagal 32 5.
|
Airteagal 32 Tréimhsí teorann le haghaidh pionóis a fhorchur
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 32 1.
|
Beidh na cumhachtaí a thugtar don Choimisiún le hAirteagail 30 agus 31 faoi réir thréimhse theorann 5 bliana.
|
|
Airteagal 32 2.
|
Tosófar san áireamh na tréimhse ama ar an lá a dhéanfar an sárú. I gcás sáruithe leanúnacha agus sáruithe a dhéantar arís agus arís eile, áfach, tosófar san áireamh na tréimhse ama ar an lá a thiocfaidh deireadh leis an sárú.
|
|
Airteagal 32 3.
|
Brisfidh aon ghníomhaíocht a dhéanfaidh an Coimisiún chun críche imscrúdaithe margaidh nó imeachtaí maidir le sárú an tréimhse theorann le haghaidh fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur. Brisfear an tréimhse theorann le héifeacht ón dáta a thabharfar fógra faoin ngníomhaíocht do ghnóthas nó do chomhlachas gnóthas amháin ar a laghad a bhí rannpháirteach sa sárú. Áireofar iad seo a leanas go háirithe leis na gníomhaíochtaí a bhrisfidh áireamh na tréimhse:
(a)
iarrataí ar fhaisnéis ag an gCoimisiún;
(b)
údaruithe i scríbhinn chun cigireachtaí a dhéanamh arna n-eisiúint dá oifigigh ag an gCoimisiún;
(c)
tionscnamh imeachta ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 20.
|
|
Airteagal 32 4.
|
Tosófar ag áireamh an ama as an nua le gach briseadh. Rachaidh an tréimhse theorann in éag, áfach, ar an lá a bheidh tréimhse arb ionann í agus dhá oiread na tréimhse teorann imithe thart gan fíneáil ná íocaíocht phionósach thréimhsiúil a bheith forchurtha ag an gCoimisiún. Cuirfear síneadh leis an tréimhse sin atá ar aon fhad leis an tréimhse a bhfuil an teorainn ar fionraí lena linn de bhun mhír 5.
|
|
Airteagal 32 5.
|
Cuirfear an tréimhse theorann le haghaidh fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla ar fionraí fad a bheidh an cinneadh ón gCoimisiún faoi réir imeachtaí atá ar feitheamh os comhair na Cúirte Breithiúnais.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|