+Airteagal 4 Trédhearcacht tionchar inbhuanaitheachta diúltach ar leibhéal eintitis
---+Airteagal 4 1.
---+Airteagal 4 2.
---+Airteagal 4 3.
---+Airteagal 4 4.
---+Airteagal 4 5.
---+Airteagal 4 6.
---+Airteagal 4 7.

Airteagal 4 Trédhearcacht tionchar inbhuanaitheachta diúltach ar leibhéal eintitis

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 4 1.

Foilseoidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais ar a láithreáin ghréasáin:

(a) 

i gcás ina measann siad drochthionchair phríomha na gcinntí infheistíochta ar thosca inbhuanaitheachta, ráiteas maidir le beartais díchill chuí i ndáil leis na drochthionchair phríomha sin, agus aird chuí á tabhairt acu ar mhéid, cineál agus scála a ngníomhaíochtaí agus ar chineálacha na dtáirgí airgeadais a chuireann siad ar fáil; nó

(b) 

i gcás nach measann siad drochthionchair na gcinntí infheistíochta ar thosca inbhuanaitheachta, cúiseanna soiléire maidir leis an bhfáth nach ndéanann siad amhlaidh, lena n‐áirítear, i gcás inarb ábhartha, faisnéis maidir le cé acu an bhfuil nó nach bhfuil sé beartaithe acu drochthionchair den chineál sin a mheas agus cathain a dhéanfaidh siad amhlaidh.

Airteagal 4 2.

Áireoidh na rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais san fhaisnéis a chuirfear ar fáil i gcomhréir le pointe (a) de mhír 1 ar a laghad an méid a leanas:

(a) 

faisnéis maidir lena mbeartais i ndáil le sainaithint drochthionchar agus táscairí príomha inbhuanaitheachta agus i ndáil lena gcur in ord tosaíochta;

(b) 

tuairisc ar na drochthionchair phríomha inbhuanaitheachta agus ar aon ghníomhaíochtaí i ndáil leo a rinneadh nó, i gcás inarb ábhartha, atá beartaithe;

(c) 

achoimrí gearra ar bheartais rannpháirtíochta i gcomhréir le hAirteagal 3g de Rialachán 2007/36/CE, i gcás inarb infheidhme;

(d) 

tagairt don chomhlíonadh uathu le cóid fhreagracha iompair agus don chomhlíonadh uathu le caighdeáin maidir le dícheall cuí agus tuairisciú a aithnítear go hidirnáisiúnta agus, i gcás inarb ábhartha, don mhéid a bhfuil siad ailínithe le spriocanna Chomhaontú Pháras.

Airteagal 4 3.
De mhaolú ar mhír 1 ón 30 Meitheamh 2021, déanfaidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais a sháraíonn ar a gclár comhardaithe an critéir i ndáil le meánlíon 500 fostaí le linn na bliana airgeadais ráiteas maidir le beartais díchill chuí i dtaca le drochthionchair phríomha na gcinntí infheistíochta ar thosca inbhuanaitheachta a fhoilsiú agus a chothabháil ar a láithreáin ghréasáin. Áireofar ar a laghad sa ráiteas sin an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2.
Airteagal 4 4.
De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, ón 30 Meitheamh 2021, déanfaidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais ar máthairghnóthais atá ina bpáirt de ghrúpa mór iad dá dtagraítear in Airteagal 3(7) de Threoir 2013/34/AE a sháraíonn ar chlár comhardaithe an ghrúpa, ar bhonn comhdhlúithe, an critéir i ndáil le líon de 500 fostaí ar an meán le linn na bliana airgeadais ráiteas maidir le cleachtais díchill chuí i dtaca le drochthionchair phríomha na gcinntí infheistíochta ar thosca inbhuanaitheachta a fhoilsiú agus a chothabháil ar a láithreáin ghréasáin. Áireofar ar a laghad sa ráiteas sin an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2.
Airteagal 4 5.

Foilseoidh comhairleoirí airgeadais ar a láithreáin ghréasáin:

(a) 

faisnéis maidir le cé acu a ndéanann siad nó nach ndéanann, agus aird chuí á tabhairt ar a méid, ar a gcineál agus ar scála a ngníomhaíochtaí agus ar na cineálacha táirgí airgeadais a dtugann siad comhairle ina leith, drochthionchair phríomha ar thosca inbhuanaitheachta a mheas ina gcuid comhairle infheistíochta nó comhairle árachais; nó

(b) 

faisnéis maidir leis an bhfáth nach measann siad drochthionchair na gcinntí infheistíochta ar thosca inbhuanaitheachta ina gcomhairle infheistíochta nó ina gcomhairle árachais, agus, i gcás inarb ábhartha, faisnéis san áireamh maidir le cibé an bhfuil sé beartaithe acu drochthionchair den chineál sin a mheas agus cathain a dhéanfaidh siad amhlaidh.

Airteagal 4 6.
Faoin 30 Nollaig 2020, forbróidh na ÚMEnna, tríd an gComhchoiste, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010 chun táscairí inbhuanaitheachta maidir le drochthionchair a bhaineann leis an aeráid agus drochthionchair eile a bhaineann leis an gcomhshaol a shonrú, maidir le hábhar, modheolaíochtaí agus cur i láthair na faisnéise dá dtagraítear i míreanna 1 go 5 den Airteagal seo i dtaca le táscairí inbhuanaitheachta maidir le drochthionchair aeráide agus drochthionchair eile a bhaineann leis an gcomhshaol.

Déanfaidh na ÚMEnna ionchur a lorg, i gcás inarb ábhartha, ón nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil agus ón Airmheán Comhpháirteach Taighde de chuid an Choimisiúin Eorpaigh.

Tarmligtear chuig an gCoimisiún an chumhacht chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 4 7.
Faoin 30 Nollaig 2021, i dtaca le táscairí inbhuanaitheachta maidir le drochthionchair a bhaineann le réimse cúrsaí sóisialta agus fostaithe, urraim do chearta an duine, frithéilliú agus cúrsaí breabaireachta, forbróidh na ÚMEnna, tríd an gComhchoiste, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála i gcomhréir le hAirteagal 10 go 14 de Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010 maidir le hábhar, modheolaíochtaí agus cur i láthair na faisnéise dá dtagraítear i míreanna 1 go 5 den Airteagal seo i dtaca le táscairí inbhuanaitheachta maidir le drochthionchair a bhaineann le réimse cúrsaí sóisialta agus fostaithe, urraim do chearta an duine, frithéilliú agus cúrsaí breabaireachta,

Tarmligtear chuig an gCoimisiún an chumhacht chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas