+Airteagal 48 Díolúintí tairsí ó asbhaint as ítimí Gnáthchothromas Leibhéal 1
---+Airteagal 48 1.
---+Airteagal 48 2.
---+Airteagal 48 3.
---+Airteagal 48 4.

Airteagal 48 Díolúintí tairsí ó asbhaint as ítimí Gnáthchothromas Leibhéal 1

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 48 1.

Le linn dóibh na hasbhaintí is gá de bhun phointí (c) agus (i) d'Airteagal 36(1) a dhéanamh, níl sé de cheanglas ar na hinstitiúidí méideanna na n-ítimí atá liostaithe i bpointí (a) agus (b) den mhír seo atá, i bhfoirm chomhiomlán, cothrom le, nó níos lú ná, an méid na tairsí dá dtagraítear i mír 2:

(a) 

sócmhainní cánach iarchurtha atá spleách ar bhrabúsacht todhchaí agus a thig ó dhifríochtaí sealadacha, agus atá, i bhfoirm chomhiomlán, cothrom le nó níos lú ná 10 % de na hítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 atá ag an institiúid a ríomhtar tar éis iad seo a leanas a chur i bhfeidhm:

(i) 

Airteagail 32 go 35;

▼M17

(ii) 

Airteagal 36(1), pointí (a) go (h), pointí (k)(ii) go (vi) agus pointí (l), (m) agus (n), cé is moite de shócmhainní cánach iarchurtha atá ag brath ar bhrabúsacht amach anseo agus a thagann ó dhifríochtaí sealadacha;

▼B

(b) 

i gcás ina bhfuil infheistíocht shuntasach ag institiúid in eintiteas earnála airgeadais, sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha d'ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 na n-eintiteas sin atá ag an institiúid atá, i bhfoirm chomhiomlán, cothrom le nó níos lú ná 10 % de na hítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 atá ag an institiúid a ríomhtar tar éis iad seo a leanas a chur i bhfeidhm:

(i) 

Airteagail 32 go 35;

▼M17

(ii) 

Airteagal 36(1), pointí (a) go (h), pointí (k)(ii) go (vi) agus pointí (l), (m) agus (n), cé is moite de shócmhainní cánach iarchurtha atá ag brath ar bhrabúsacht amach anseo agus a thagann ó dhifríochtaí sealadacha;

▼B

Airteagal 48 2.

Chun críocha mhír 1, beidh méid na tairsí comhionann leis an méid dá dtagraítear ii bpointe (a) den mhír seo iolraithe faoin gcéatadán dá dtagraítear i bpointe (b) den mhír seo:

(a) 

méid iarmharach maidir le hítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 tar éis na coigeartuithe agus na hasbhaintí in Airteagal 32 gohAirteagal 35 a chur i bhfeidhm ina n-iomláine agus gan na díolúintí a shonraítear san Airteagal seo a chur i bhfeidhm;

(b) 

17.65 %.

Airteagal 48 3.

Chun críocha mhír 1, cinnfidh institiúid an cion de shócmhainní cánach iarchurtha as méid iomlán na n-ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 nach gá a asbhaint tríd an méid a shonraítear i bpointe (a) den mhír seo a roinnt ar an méid a shonraítear i bpointe (b):

(a) 

sócmhainní cánach iarchurtha atá spleách ar bhrabúsacht todhchaí agus a thig ó dhifríochtaí sealadacha, agus atá, i bhfoirm chomhiomlán, cothrom le 10 % de na hítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 atá ag an institiúid nó níos lú ná 10 % de na hítimí sin;

(b) 

suim na nithe seo a leanas:

(i) 

an méid dá dtagraítear i bpointe (a);

(ii) 

méid na sealúchas díreach, indíreach agus sintéiseach d'ionstraimí cistí dílse d'eintitis earnála airgeadais a bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid iontu agus atá, i bhfoirm chomhiomlán, cothrom le 10 % de na hítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 atá ag an institiúid nó níos lú ná 10 % de na hítimí sin.

Tá an cion d'infheistíochtaí suntasacha as méid iomlán na n-ítimí nach gá a asbhaint cothrom lena a haon lúide an cion dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

Airteagal 48 4.
Déanfar méideanna na n-ítimí nach n-asbhaintear de bhun mhír 1 a ualú de réir ►C9  riosca ◄ ag 250 %.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas