|
+Airteagal 48 3. |
Airteagal 48 3.Chun críocha mhír 1, cinnfidh institiúid an cion de shócmhainní cánach iarchurtha as méid iomlán na n-ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 nach gá a asbhaint tríd an méid a shonraítear i bpointe (a) den mhír seo a roinnt ar an méid a shonraítear i bpointe (b):
(a)
sócmhainní cánach iarchurtha atá spleách ar bhrabúsacht todhchaí agus a thig ó dhifríochtaí sealadacha, agus atá, i bhfoirm chomhiomlán, cothrom le 10 % de na hítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 atá ag an institiúid nó níos lú ná 10 % de na hítimí sin;
(b)
suim na nithe seo a leanas:
(i)
an méid dá dtagraítear i bpointe (a);
(ii)
méid na sealúchas díreach, indíreach agus sintéiseach d'ionstraimí cistí dílse d'eintitis earnála airgeadais a bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid iontu agus atá, i bhfoirm chomhiomlán, cothrom le 10 % de na hítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 atá ag an institiúid nó níos lú ná 10 % de na hítimí sin. Tá an cion d'infheistíochtaí suntasacha as méid iomlán na n-ítimí nach gá a asbhaint cothrom lena a haon lúide an cion dá dtagraítear sa chéad fhomhír. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|