+Airteagal 76 Sealúchais innéacsanna d'ionstraimí caipitil agus de dhliteanais
---+Airteagal 76 1.
---+Airteagal 76 2.
---+Airteagal 76 3.
---+Airteagal 76 4.

Airteagal 76 Sealúchais innéacsanna d'ionstraimí caipitil agus de dhliteanais

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 76 1.

Chun críocha phointe (a) d'Airteagal 42, phointe (a) d'Airteagal 45, phointe (a) d'Airteagal 57, phointe (a) d'Airteagal 59, phointe (a) d'Airteagal 67, phointe (a) d'Airteagal 69, pointe (a) d'Airteagal 72f agus phointe (a) d'Airteagal 72h, féadfaidh institiúidí méid suímh fhada in ionstraim chaipitil nó i ndliteanas a laghdú le cion innéacs atá comhdhéanta den ►C12  neamhchosaint ◄ fholuiteach chéanna atá á fálú, ar an gcoinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

sealbhaítear an suíomh fada atá á fhálú, agus coimeádtar an suíomh gearr arna úsáid in innéacs chun an suíomh fada sin a fhálú sa leabhar trádála nó sealbhaítear iad araon sna leabhair neamhthrádála;

(b) 

sealbhaítear na suímh dá dtagraítear i bpointe (a) ag luach chóir ar chlár comhordaithe na hinstitiúide;

(c) 

cáilíonn an suíomh gearr dá dtagraítear i bpointe (a) mar fhálú éifeachtach faoi phróisis rialaithe inmheánaigh na hinstitiúide;

(d) 

déanann na húdaráis inniúla measúnú ar leordhóthanacht na bpróiseas inmheánach rialaithe dá dtagraítear i bpointe (c) ar bhonn bliantúil ar a laghad agus tá siad sásta lena oiriúnaí atá na próisis i gcónaí.

Airteagal 76 2.

Féadfaidh institiúid, i gcás inar dheonaigh an t-údarás inniúil réamhchead, meastachán coimeádach a úsáid ar ►C12  neamhchosaint ◄ fholuiteach na hinstitiúide ar ionstraimí caipitil nó ar dhliteanais a áirítear sna hinnéacsanna mar rogha eile ar institiúid a bheith ag ríomh na ►C12  neamhchosainta ◄ atá aici ar na hítimí dá dtagraítear i gceann amháin nó níos mó de na pointí seo a leanas:

(a) 

ionstraimí dílse Gnáthchothromas Leibhéal 1, Leibhéal 1 Breise, Leibhéal 2 agus ionstraimí dliteanas incháilithe, a áirítear sna hinnéacsanna;

(b) 

ionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1, Leibhéal 1 Breise agus Leibhéal 2 de chuid eintiteas san earnáil airgeadais, a áirítear sna hinnéacsanna;

(c) 

ionstraimí dliteanas incháilithe, a áirítear sna hinnéacsanna.

Airteagal 76 3.
Ní thabharfaidh údaráis inniúla an réamhchead dá dtagraítear i mír 2 ach amháin nuair atá sé léirithe ag an institiúid chun sástacht na n-údarás inniúil go gcuirfeadh sé ualach rómhór ar an institiúid faireachán a dhéanamh ar a ►C12  neamhchosaint ◄ fholuiteach ar na hítimí dá dtagraítear i gceann amháin nó níos mó de phointí mhír 2, de réir mar is infheidhme.
Airteagal 76 4.

Forbróidh an ÚBE dréacht-chaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn na nithe seo a leanas a shonrú:

(a) 

cén uair a bheidh meastachán a úsáidtear mar rogha eile chun an ►C9  neamhchosaint ◄ fholuiteach dá dtagraítear i mír 2 a ríomh coimeádach go leordhóthanach;

(b) 

an bhrí atá le ródhian ó thaobh na hoibre de chun críocha mhír 3.

Cuirfidh an ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Iúil 2013.

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas