+Airteagal 145 Taithí roimhe seo maidir le cur chuige IRB a úsáid
---+Airteagal 145 1.
---+Airteagal 145 2.
---+Airteagal 145 3.

Airteagal 145 Taithí roimhe seo maidir le cur chuige IRB a úsáid

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 145 1.
Institiúid a dhéanfaidh iarratas ar an gCur Chuige IRB a úsáid, beidh córais rátála i gcás na n-aicmí ►C9  neamhchosanta ◄ IRB atá i gceist in úsáid aici cheana féin a bhí i gcomhréir tríd is tríd leis na ceanglais atá leagtha amach i Roinn 6 ar mhaithe le ►C9  riosca ◄ inmheánach a thomhas agus a bhainistiú ar feadh trí bliana ar a laghad sular cháiligh sí chun an Cur Chuige IRB a úsáid.
Airteagal 145 2.
Institiúid a dhéanfaidh iarratas ar a meastacháin féin ar LGDanna agus fachtóirí coinbhéartachta a úsáid, léireoidh sí chun sástachta na n-údarás inniúil go raibh sí i mbun a cuid meastachán féin ar LGDanna agus fachtóirí coinbhéartachta a mheas agus a úsáid ar bhealach a bhí comhsheasmhach tríd is tríd leis na ceanglais maidir le meastacháin féin na bparaiméadar sin atá leagtha amach i Roinn 6 a úsáid le trí bliana ar a laghad sular cháiligh sí chun a meastacháin féin ar LGDanna agus fachtóirí coinbhéartachta a úsáid.
Airteagal 145 3.
I gcás ina sínfidh an institiúid úsáid an Chur Chuige IRB i ndiaidh an chéad chead a bheith faighte aici, is leor taithí na hinstitiúide chun ceanglais mhír 1 agus mhír 2 a chomhlíonadh maidir leis na ►C9  neamhchosaintí ◄ breise a chumhdaítear. Má shíntear úsáid na gcóras rátála chuig ►C9  neamhchosaintí ◄ atá an-éagsúil ó raon feidhme an chumhdaigh atá ann cheana, amhail is nach féidir glacadh leis go réasúnach gur leor í an taithí chun ceanglais na bhforálacha seo maidir leis na ►C9  neamhchosaintí ◄ breise a chomhlíonadh, beidh feidhm ar leithligh ag ceanglais mhír 1 agus mhír 2 maidir leis na ►C9  neamhchosaintí ◄ breise.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas