+Airteagal 179 Ceanglais fhoriomlána maidir le meastachán a dhéanamh
---+Airteagal 179 1.
---+Airteagal 179 2.
|
Airteagal 179 Ceanglais fhoriomlána maidir le meastachán a dhéanamh
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 179 1.
|
Agus na paraiméadair
►C9
riosca ◄ a bhainfidh leis na gráid agus leis na comhthiomsuithe rátála á gcainníochtú acu, cuirfidh institiúidí na ceanglais seo a leanas i bhfeidhm.
(a)
beidh gach sonra, faisnéis agus modh ábhartha ar áireamh i meastacháin na hinstitiúide féin ar na paraiméadair
►C9
riosca ◄ , PD, LGD, fachtóirí coinbhéartachta agus EL. Díorthófar na meastacháin trí úsáid a bhaint as an taithí stairiúil agus as an bhfianaise eimpíreach araon, gan dul i muinín ceisteanna breithiúnais amháin. Beidh na meastacháin dealraitheach agus iomasach agus iad bunaithe ar spreagaí gach paraiméadair
►C9
riosca ◄ faoi seach. Dá laghad sonraí a bheidh ag institiúid, is amhlaidh is coimeádaí a bheidh sí ina meastachán;
(b)
beidh institiúid in ann miondealú a chur ar fáil ar stair a chaillteanais maidir le minicíocht na mainneachtana, LGD, fachtóir coinbhéartachta, nó caillteanas i gcás ina n-úsáidtear meastachán EL, ar bhonn na bhfachtóirí a mheasann sí a bheith ina spreagaithe le gach paraiméadair
►C9
riosca ◄ faoi leith. Beidh an taithí fhadtéarmach curtha san áireamh i meastacháin na hinstitiúide;
(c)
cuirfear san áireamh aon athrú a thiocfaidh ar an gcleachtas iasachtaithe nó ar an bpróiseas chun fiacha a ghnóthú dá dtagraítear in Airteagal 180(1)(h) agus (2)(e), in Airteagal 181(1)(j) agus (2), agus in Airteagal 182(2) agus (3). Cuirfear san áireamh i meastacháin na hinstitiúide impleachtaí an dul chun cinn teicniúil agus sonraí nua agus faisnéis eile, de réir mar a chuirfear iad sin ar fáil. Déanfaidh na hinstitiúidí athbhreithniú ar a meastacháin nuair a thiocfaidh faisnéis nua chun solais agus ar a laghad uair amháin in aghaidh na bliana;
(d)
beidh líon na
►C9
neamhchosaintí ◄ atá san áireamh sna sonraí a úsáideadh le haghaidh an mheastacháin, na caighdeáin iasachtaithe a úsáideadh nuair a gineadh na sonraí, agus saintréithe ábhartha eile, beidh siad inchomparáide leo siúd a bhaineann le
►C9
neamhchosaintí ◄ agus le caighdeáin na hinstitiúide. Beidh dálaí an mhargaidh nó dálaí eacnamaíocha is bonn leis na sonraí ábhartha do na dálaí reatha nó ionchasacha. Beidh líon na
►C9
neamhchosaintí ◄ sa sampla agus an tréimhse shonraí a úsáideadh le haghaidh an chainníochtú leordhóthanach le go mbeidh muinín ag an institiúid as beachtas agus as stóinseacht a meastachán;
(e)
i gcás earraí infhaighte ceannaithe, cuirfear i gcuntas sna meastacháin gach faisnéis iomchuí a bheidh ar fáil don institiúid cheannaigh maidir le caighdeán na n-earraí infhaighte foluiteacha, lena n-áirítear sonraí maidir le comhthiomsuithe comhchosúla arna gcur ar fáil ag an díoltóir, ag an institiúid cheannaigh, nó ag foinsí seachtracha. Déanfaidh an institiúid cheannaigh meastóireacht ar aon sonra a chuirtear san áireamh arbh é an díoltóir a chuir ar fáil é;
▼M17
(f)
chun claontachtaí a shárú, áireoidh institiúid coigeartuithe iomchuí ina meastacháin a mhéid is féidir; tar éis di coigeartú iomchuí a áireamh, cuirfidh institiúid corrlach choimeádachais leordhóthanach lena meastacháin a bhaineann le raon ionchasach na n-earráidí meastacháin; i gcás ina meastar nach bhfuil na modhanna agus na sonraí sásúil nó go bhfuil raon ionchasach na n-earráidí níos mó, beidh an corrlach choimeádachais níos mó.
▼B
I gcás ina n-úsáideann institiúidí meastacháin éagsúla chun na hualuithe
►C9
riosca ◄ a ríomh nó chun críocha inmheánacha, doiciméadófar é sin agus beidh sé réasúnta. Más féidir le hinstitiúidí a léiriú dá n-údaráis inniúla go ndearnadh coigeartuithe iomchuí ar na sonraí a bailíodh roimh an 1 Eanáir 2007 sa chaoi is go bhfuil siad coibhéiseach, tríd is tríd, leis an sainmhíniú ar mhainneachtain atá leagtha síos in Airteagal 178 nó le caillteanas, féadfaidh údaráis inniúla roinnt solúbthachta a cheadú do na hinstitiúidí maidir le cur chun feidhme na gcaighdeán arna gceangal maidir le sonraí.
|
|
Airteagal 179 2.
|
I gcás ina n-úsáideann institiúid sonraí atá comhthiomsaithe thar institiúidí éagsúla, comhlíonfaidh sí na ceanglais seo a leanas:
(a)
tá córais rátála agus critéir na n-institiúidí eile sa chomhthiomsú cosúil lena cuid córas rátála agus critéar féin;
(b)
tá an comhthiomsú ionadaíoch don phunann a n-úsáidtear na sonraí comhthiomsaithe lena aghaidh;
(c)
úsáideann an institiúid na sonraí comhthiomsaithe go comhsheasmhach le himeacht ama dá meastacháin;
(d)
leanfaidh an institiúid de bheith freagrach as sláine a córais rátála;
(e)
coimeádfaidh an institiúid ar bun an t-eolas atá ag a foireann ar chórais rátála i gcónaí, lena n-áirítear an cumas faireachán agus iniúchóireacht éifeachtach a dhéanamh ar an bpróiseas rátála.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|