+Airteagal 328 Todhchaíochtaí ráta úis agus réamhchonarthaí
---+Airteagal 328 1.
---+Airteagal 328 2.

Airteagal 328 Todhchaíochtaí ráta úis agus réamhchonarthaí

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 328 1.
Déanfar todhchaíochtaí ráta úis, comhaontuithe ar réamhráta (FRAnna) agus réamhoibleagáidí chun ionstraimí fiachais a cheannach nó a dhíol a láimhseáil mar theaglamaí de shuímh fhada agus de shuímh ghearra. Dá bhrí sin, láimhseálfar suíomh todhchaíochtaí a bhfuil ráta fada úis ag baint leis mar theaglaim d'iasacht a thiocfaidh in aibíocht dáta seachadta an chonartha todhchaíochtaí agus de shealúchas sócmhainne a bhfuil dáta aibíochta aige atá cothrom le dáta aibíochta na hionstraime nó an tsuímh bharúlaigh foluiteach an gconradh todhchaíochtaí atá i gceist. Ar an gcaoi chéanna láimhseálfar FRA díolta mar shuíomh fada a bhfuil dáta aibíochta aige atá cothrom leis an dáta socraíochta móide an tréimhse chonartha, agus mar shuíomh gearr a bhfuil dáta aibíochta aige atá cothrom leis an dáta socraíochta. Cuirfear an sealúchas iasachta agus sócmhainne ar áireamh sa chéad chatagóir atá leagtha amach i dTábla 1 in Airteagal 336 d'fhonn an ceanglas cistí dílse le haghaidh ►C9  riosca ◄ shonraigh i gcomhair todhchaíochtaí ráta úis agus FRAnna a ríomh. Láimhseálfar réamhoibleagáid chun ionstraim fiachais a cheannach mar theaglaim d'iasacht a thiocfaidh in aibíocht an dáta seachadta agus de (spot)suíomh fada san ionstraim fiachais féin. Cuirfear an iasacht ar áireamh sa chéad chatagóir atá leagtha amach i dTábla 1 in Airteagal 336 chun críocha an ►C9  riosca ◄ shonraigh, agus cuirfear an ionstraim fiachais faoin gcolún is iomchuí dó sa tábla céanna.
Airteagal 328 2.
Chun críocha an Airteagail seo, ciallaíonn “suíomh fada” suíomh ina bhfuil an ráta úis a gheobhaidh institiúid am éigin sa todhchaí socraithe aici, agus ciallaíonn “suíomh gearr” suíomh ina bhfuil an ráta úis a íocfaidh sí am éigin sa todhchaí socraithe aici.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas