+Airteagal 336 Ceanglas cistí dílse le haghaidh ionstraimí fiachais nach ionstraimí urrúsúcháin iad
---+Airteagal 336 1.
---+Airteagal 336 2.
---+Airteagal 336 3.
---+Airteagal 336 4.

Airteagal 336 Ceanglas cistí dílse le haghaidh ionstraimí fiachais nach ionstraimí urrúsúcháin iad

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 336 1.

Déanfaidh an institiúid a glansuímh sa leabhar trádála in ionstraimí nach suímh urrúsúcháin iad arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 327 a shannadh do na catagóirí iomchuí i dTábla 1 ar bhonn a n-eisitheora nó a n-oibleagáideora, ar bhonn a measúnaithe creidmheasa inmheánaigh nó sheachtraigh, agus ar bhonn a n-aibíochta iarmhair, agus ansin déanfaidh sí iad a iolrú faoi na hualuithe a thaispeántar sa tábla sin. Suimeoidh sí a suímh ualaithe a thig ó chur i bhfeidhm an Airteagail seo, is cuma más suímh fhada nó suímh ghearra iad, d'fhonn a ceanglas cistí dílse le haghaidh ►C9  riosca ◄ shonraigh a ríomh.



Tábla 1

Catagóirí

ceanglas cistí dílse le haghaidh ►C9  riosca ◄ shonraigh

Urrúis fiachais a gheobhadh ►C9  ualach riosca ◄ 0 % faoin gCur chuige Caighdeánaithe maidir le ►C9  riosca ◄ creidmheasa

0 %

Urrúis fiachais a gheobhadh ►C9  ualach riosca ◄ 20 % nó 50 % faoin gCur chuige Caighdeánaithe maidir le ►C9  riosca ◄ creidmheasa agus ítimí cáilitheacha eile arna sainiú i mír 4.

0,25 % (tréimhse iarmharach sé mhí nó níos lú go dtí aibíocht deiridh)

1.00 % (tréimhse iarmharach níos mó ná sé mhí agus suas go dtí 24 mí, agus é sin san áireamh, go dtí aibíocht deiridh)

1,60 % (téarma iarmharach níos mó ná 24 mí go dtí aibíocht)

Urrúis fiachais a gheobhadh ►C9  ualach riosca ◄ 100 % faoin gCur chuige Caighdeánaithe maidir le ►C9  riosca ◄ creidmheasa

8,00 %

Urrúis fiachais a gheobhadh ►C9  ualach riosca ◄ 150 % faoin gCur chuige Caighdeánaithe maidir le ►C9  riosca ◄ creidmheasa

12,00 %

Airteagal 336 2.
I gcás institiúidí a chuireann an Cur chuige IBR i bhfeidhm maidir le haicme sin na ►C9  neamhchosanta ◄ a bhfuil eisitheoir na hionstraime ina chuid de, d'fhonn cáiliú chun ►C9  ualach riosca ◄ a fháil faoin gcur chuige caighdeánaithe maidir le ►C9  riosca ◄ creidmheasa dá dtagraítear i mír 1, beidh rátáil inmheánach ag eisitheoir na ►C9  neamhchosanta ◄ ag a mbeidh PD a bheidh coibhéiseach leis an PD nó níos ísle ná an PD a bhaineann leis an gcéim iomchuí den cháilíocht chreidmheasa faoin gCur chuige Caighdeánaithe.
Airteagal 336 3.
Féadfaidh institiúidí na ceanglais ►C9  riosca ◄ shonraigh a bhaineann le haon bhannaí a cháilíonn ►C9  d'ualach riosca ◄ 10 % i gcomhréir leis an láimhseáil a leagtar amach in Airteagal 129(4), (5) agus (6) a ríomh mar leath den cheanglas cistí dílse le haghaidh ►C9  riosca ◄ shonraigh is infheidhme don dara catagóir i dTábla 1.
Airteagal 336 4.

I measc na n-ítimí cáilitheacha eile tá:

(a) 

suímh fhada agus ghearra i sócmhainní nach bhfuil measúnú creidmheasa ó IMCS ainmnithe ar fáil ina leith, agus a chomhlíonann gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(i) 

measann an institiúid lena mbaineann go bhfuil siad sách leachtach;

(ii) 

tá an cháilíocht infheistíochta atá acu, de réir bhreithiúnas na hinstitiúide féin, ar a laghad coibhéiseach le cáilíocht infheistíochta na sócmhainní dá dtagraítear faoi Thábla 1 dara sraith;

(iii) 

tá siad liostaithe ar mhargadh rialáilte amháin ar a laghad i mBallstát nó ar stocmhalartán i dtríú tír ar choinníoll go n-aithníonn údaráis inniúla an Bhallstáit ábhartha an malartán;

(b) 

suímh fhada agus ghearra i sócmhainní arna n-eisiúint ag institiúidí faoi réir na gceanglas cistí dílse atá leagtha amach sa Rialachán seo a mheasann an institiúid lena mbaineann go bhfuil siad sách leachtach agus a bhfuil cáilíocht infheistíochta acu, de réir bhreithiúnas na hinstitiúide féin, atá coibhéiseach ar a laghad le cáilíocht infheistíochta na sócmhainní dá dtagraítear faoi Thábla 1 dara sraith;

(c) 

urrúis arna n-eisiúint ag institiúidí a mheastar a bheith de cháilíocht chreidmheasa atá coibhéiseach leis an gcáilíocht chreidmheasa, nó níos airde ná é, a bhaineann le céim 2 den cháilíocht chreidmheasa faoin gCur chuige Caighdeánaithe maidir le ►C9  riosca ◄ creidmheasa na ►C9  neamhchosaintí ◄ ar institiúidí agus atá faoi réir socruithe maoirseachta agus rialála atá inchomparáide leis na socruithe faoin Rialachán seo agus faoi Threoir 2013/36/AE.

Beidh modheolaíocht dhoiciméadaithe i bhfeidhm ag institiúidí a bhaineann leas as pointe (a) nó pointe (b) chun measúnú a dhéanamh féachaint an gcomhlíonann na sócmhainní na ceanglais sna pointí sin, agus cuirfidh siad an mhodheolaíocht sin in iúl do na húdaráis inniúla.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas