+Airteagal 336 1.

Airteagal 336 1.

Déanfaidh an institiúid a glansuímh sa leabhar trádála in ionstraimí nach suímh urrúsúcháin iad arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 327 a shannadh do na catagóirí iomchuí i dTábla 1 ar bhonn a n-eisitheora nó a n-oibleagáideora, ar bhonn a measúnaithe creidmheasa inmheánaigh nó sheachtraigh, agus ar bhonn a n-aibíochta iarmhair, agus ansin déanfaidh sí iad a iolrú faoi na hualuithe a thaispeántar sa tábla sin. Suimeoidh sí a suímh ualaithe a thig ó chur i bhfeidhm an Airteagail seo, is cuma más suímh fhada nó suímh ghearra iad, d'fhonn a ceanglas cistí dílse le haghaidh ►C9  riosca ◄ shonraigh a ríomh.



Tábla 1

Catagóirí

ceanglas cistí dílse le haghaidh ►C9  riosca ◄ shonraigh

Urrúis fiachais a gheobhadh ►C9  ualach riosca ◄ 0 % faoin gCur chuige Caighdeánaithe maidir le ►C9  riosca ◄ creidmheasa

0 %

Urrúis fiachais a gheobhadh ►C9  ualach riosca ◄ 20 % nó 50 % faoin gCur chuige Caighdeánaithe maidir le ►C9  riosca ◄ creidmheasa agus ítimí cáilitheacha eile arna sainiú i mír 4.

0,25 % (tréimhse iarmharach sé mhí nó níos lú go dtí aibíocht deiridh)

1.00 % (tréimhse iarmharach níos mó ná sé mhí agus suas go dtí 24 mí, agus é sin san áireamh, go dtí aibíocht deiridh)

1,60 % (téarma iarmharach níos mó ná 24 mí go dtí aibíocht)

Urrúis fiachais a gheobhadh ►C9  ualach riosca ◄ 100 % faoin gCur chuige Caighdeánaithe maidir le ►C9  riosca ◄ creidmheasa

8,00 %

Urrúis fiachais a gheobhadh ►C9  ualach riosca ◄ 150 % faoin gCur chuige Caighdeánaithe maidir le ►C9  riosca ◄ creidmheasa

12,00 %

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas