+Airteagal 347 Lamháltas le haghaidh fálú ag díorthaigh chreidmheasa don chéad mhainneachtain agus don n-ú mainneachtain

Airteagal 347 Lamháltas le haghaidh fálú ag díorthaigh chreidmheasa don chéad mhainneachtain agus don n-ú mainneachtain

Airteagal 347

Lamháltas le haghaidh fálú ag díorthaigh chreidmheasa don chéad mhainneachtain agus don n-ú mainneachtain

I gcás na ndíorthach creidmheasa don chéad mhainneachtain agus na ndíorthach creidmheasa don n-ú mainneachtain, beidh feidhm ag an láimhseáil seo a leanas maidir leis an lamháltas a bheidh le tabhairt i gcomhréir le hAirteagal 346:

(a) 

i gcás ina bhfaigheann institiúid cosaint chreidmheasa i gcomhair roinnt eintiteas tagartha fholuiteach díorthach creidmheasa faoi théarmaí lena sanntar go ndéanfar íocaíocht a luaithe is a tharlaíonn an chéad mhainneachtain agus go gcuirfidh an teagmhas creidmheasa sin deireadh leis an gconradh, féadfaidh an institiúid fritháireamh a dhéanamh ar ►C9  riosca ◄ sonrach an eintitis tagartha sin lena bhfuil feidhm ag an muirear céatadáin is ísle um ►C9  riosca ◄ sonrach i measc na n-eintiteas tagartha foluiteach i gcomhréir le Tábla 1 in Airteagal 336;

(b) 

i gcás ina spreagfar íocaíocht maidir le cosaint chreidmheasa a luaithe a tharlaíonn an n-ú mainneachtain sna ►C9  neamhchosaintí ◄ , ní fhéadfaidh ceannaitheoir na cosanta an ►C9  riosca ◄ sonrach sin a fhritháireamh ach amháin más rud é go bhfuil cosaint faighte chomh maith i gcomhair mainneachtainí 1 go n-1 nó má tá n-1 mainneachtain tarlaithe cheana féin. I gcásanna den sórt sin, leanfar den mhodheolaíocht a leagtar amach i bpointe (a) maidir le díorthaigh chreidmheasa don chéad mhainneachtain arna leasú mar is iomchuí i gcomhair táirgí don n-ú mainneachtain.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas