+Airteagal 10 Tairseacha ábharthachta arda chun cibearbhagairtí suntasacha a chinneadh
---+Airteagal 10 (a)
---+Airteagal 10 (b)
---+Airteagal 10 (c)
---+Airteagal 10 2
|
Airteagal 10 Tairseacha ábharthachta arda chun cibearbhagairtí suntasacha a chinneadh
Chun críocha Airteagal 18(2) de Rialachán (AE) 2022/2554, measfar go bhfuil cibearbhagairt suntasach i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 10 (a)
|
d’fhéadfadh an chibearbhagairt, dá dtiocfadh sí chun cinn, difear a dhéanamh d’fheidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha an eintitis airgeadais, nó d’fhéadfaí go ndearna an chibearbhagairt difear d’fheidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha an eintitis airgeadais, nó d’fhéadfadh sí difear a dhéanamh d’eintitis airgeadais eile, soláthraithe tríú páirtí eile, cliaint eile nó contrapháirtithe eile, bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil don eintiteas airgeadais;
|
|
Airteagal 10 (b)
|
tá dóchúlacht ard teacht chun cinn ag baint leis an gcibearbhagairt ag an eintiteas airgeadais nó ag eintitis airgeadais eile, agus ceann amháin ar a laghad de na heilimintí seo a leanas á chur san áireamh:
|
(i)
|
rioscaí is infheidhme a bhaineann leis an gcibearbhagairt dá dtagraítear i bpointe (a), lena n-áirítear leochaileachtaí féideartha chórais an eintitis airgeadais ar féidir teacht i dtír orthu;
|
|
(ii)
|
cumais agus rún na ngníomhaithe bagartha a mhéid a thuigeann an t-eintiteas airgeadais;
|
|
(iii)
|
marthanacht na bagartha agus aon eolas carntha faoi theagmhais a ndearna difear don eintiteas airgeadais nó dá sholáthraí tríú páirtí, cliaint nó contrapháirtithe airgeadais;
|
|
|
Airteagal 10 (c)
|
d’fhéadfadh an chibearbhagairt, dá dtiocfadh sí chun cinn, aon cheann de na nithe seo a leanas a chomhlíonadh:
|
(i)
|
an critéar a bhaineann le criticiúlacht seirbhísí a leagtar amach in Airteagal 18(1), pointe (e), de Rialachán (AE) 2022/2554, mar a shonraítear in Airteagal 6 den Rialachán seo;
|
|
(ii)
|
an tairseach ábharthachta a leagtar amach in Airteagal 9(1);
|
|
(iii)
|
an tairseach ábharthachta a leagtar amach in Airteagal 9(4).
|
|
|
Airteagal 10 2
|
I gcás ina dtagann an t-eintiteas airgeadais ar an gconclúid, ag brath ar an gcineál cibearbhagartha agus an fhaisnéis atá ar fáil, go bhféadfaí na tairseacha ábharthachta a leagtar amach in Airteagal 9(2), (3), (5) agus (6) a chomhlíonadh, d’fhéadfaí na tairseacha sin a chur san áireamh freisin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|