+Airteagal 3 Cineál sistéamach agus tábhacht shistéamach na seirbhísí TFC a sholáthraítear d’eintitis airgeadais
---+Airteagal 3 1
---+Airteagal 3 2
---+Airteagal 3 3
---+Airteagal 3 4
|
Airteagal 3 Cineál sistéamach agus tábhacht shistéamach na seirbhísí TFC a sholáthraítear d’eintitis airgeadais
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 3 1
|
1. Agus an critéar a leagtar amach in Airteagal 31(2), pointe (b), de Rialachán (AE) 2022/2554 á bhreithniú, déanfaidh na ÚMEnna measúnú i dtaobh an gcomhlíonann an soláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí na fo-chritéir ‘céim 1’ seo a leanas:
|
(a)
|
Fo-chritéar 2.1: líon na n-institiúidí domhanda a bhfuil tábhacht shistéamach leo (G-SIInna) agus na n-institiúidí eile a bhfuil tábhacht shistéamach leo (O-SIInna) ar institiúidí creidmheasa iad dá soláthraíonn an soláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí céanna seirbhísí TFC i gcás ina dtacaíonn na seirbhísí TFC le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha;
|
|
(b)
|
Fo-chritéar 2.2: líon na n-eintiteas airgeadais, seachas institiúidí creidmheasa agus G-SIInna agus O-SIInna dá dtagraítear i bpointe (a) thuas, arna sainaithint mar eintitis shistéamacha ag údaráis inniúla dá dtagraítear faoi Airteagal 46 de Rialachán (AE) 2022/2554 dá soláthraíonn an soláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí céanna seirbhísí TFC i gcás ina dtacaíonn na seirbhísí TFC le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha.
|
|
|
Airteagal 3 2
|
2. Measfar go bhfuil an fo-chritéar a leagtar amach i mír 1, pointe (a) comhlíonta ag soláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí, má úsáideann ceachtar díobh seo a leanas ar a laghad na seirbhísí TFC a sholáthraíonn sé:
|
(b)
|
trí O-SII ar a laghad;
|
|
(c)
|
O-SII amháin ar a laghad a bhfuil scór O-SII os cionn 3 000 aige arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 131(3) de Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2).
|
|
|
Airteagal 3 3
|
3. Measfar go bhfuil an fo-chritéar a leagtar amach i mír 1, pointe (b) comhlíonta ag soláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí, má úsáideann ceachtar díobh seo a leanas ar a laghad na seirbhísí TFC a sholáthraíonn sé:
|
(a)
|
eintiteas airgeadais amháin ar eintiteas airgeadais é dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointí (g), (h), (i) nó (j) de Rialachán (AE) 2022/2554 agus a sainaithníonn údaráis inniúla é mar eintiteas ‘sistéamach’;
|
|
(b)
|
trí eintiteas airgeadais ar a laghad, seachas institiúidí creidmheasa agus eintitis airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointí (g), (h), (i) nó (j) de Rialachán (AE) 2022/2554 agus a sainaithníonn údaráis inniúla iad mar eintitis ‘shistéamacha’.
|
|
|
Airteagal 3 4
|
4. Agus an critéar a leagtar amach in Airteagal 31(2), pointe (b), de Rialachán (AE) 2022/2554 á bhreithniú agus i gcás ina ndéanfaidh an soláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí na fo-chritéir ‘céim 1’ dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a chomhlíonadh, déanfaidh na ÚMEnna a measúnú i bhfianaise an fho-chritéir ‘céim 2’ seo a leanas:
|
—
|
Fo-chritéar 2.3: G-SIInna nó O-SIInna agus eintitis airgeadais eile a áirítear sa mheasúnú ar na fo-chritéir ‘céim 1’ dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, lena n-áirítear i gcás ina soláthraíonn na G-SIInna nó O-SIInna sin seirbhísí bonneagair airgeadais d’eintitis airgeadais eile, atá ag brath ar sheirbhís TFC arna soláthar ag an soláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí céanna, tá siad idirspleách.
|
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|