+Airteagal 1 Na cúraimí a bheidh ar bhaill den fhoireann scrúdúcháin chomhpháirteach
---+Airteagal 1 1
---+Airteagal 1 2

Airteagal 1 Na cúraimí a bheidh ar bhaill den fhoireann scrúdúcháin chomhpháirteach

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 1 1

1.   Déanfaidh baill den fhoireann scrúdúcháin chomhpháirteach a gcúraimí faoi chomhordú chomhordaitheoir an Phríomh-Fhormhaoirseora. Ar na cúraimí sin beidh tacaíocht leanúnach do na gníomhaíochtaí a dhéanann an Príomh-Fhormhaoirseoir agus cur i gcrích cúraimí sonracha. Seo a leanas na cúraimí a bheidh orthu:

(a)

cúnamh a thabhairt don Phríomh-Fhormhaoirseoir an plean formhaoirseachta bliantúil aonair dá dtagraítear in Airteagal 33(4) de Rialachán (AE) 2022/2554 a ullmhú agus a dhréachtú;

(b)

cúnamh a thabhairt don Phríomh-Fhormhaoirseoir an measúnú dá dtagraítear in Airteagal 33(2) de Rialachán (AE) 2022/2554 a dhéanamh;

(c)

measúnú a dhéanamh ar an bhfaisnéis a fhaigheann an Príomh-Fhormhaoirseoir ón soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí criticiúil faoi Airteagal 37 de Rialachán (AE) 2022/2554 agus faoi Chaibidil II de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/295 ón gCoimisiún (7);

(d)

imscrúduithe ginearálta a dhéanamh ar na soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí criticiúla dá dtagraítear in Airteagal 38 de Rialachán (AE) 2022/2554;

(e)

na hiniúchtaí dá dtagraítear in Airteagal 39(1) de Rialachán (AE) 2022/2554 a dhéanamh;

(f)

na moltaí dá dtagraítear in Airteagal 35(1), pointe (d), de Rialachán (AE) 2022/2554 a dhréachtú;

(g)

measúnú a dhéanamh ar an bplean feabhsúcháin agus ar na tuarascálacha ar dhul chun cinn dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán Tarmligthe 2025/295 ón gCoimisiún;

(h)

na hiarrataí agus na cinntí dá dtagraítear in Airteagal 35(6), Airteagal 37(1), Airteagal 38(4), agus Airteagal 39(6) de Rialachán (AE) 2022/2554 a ullmhú agus a dhréachtú;

(i)

cúnamh a thabhairt don Phríomh-Fhormhaoirseoir maidir lena rannchuidiú le gníomhaíochtaí formhaoirseachta cothrománacha, lena n-áirítear i bhforbairt na dtagarmharcanna cuimsitheacha dá dtagraítear in Airteagal 32(3) de Rialachán (AE) 2022/2554;

(j)

a áirithiú go ndéanfar an fhaisnéis ábhartha a bhaineann le heintitis airgeadais a bhaineann úsáid as na seirbhísí a sholáthraíonn soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí criticiúla a chomhroinnt leis an bPríomh-Fhormhaoirseoir;

(k)

cúnamh a thabhairt don Phríomh-Fhormhaoirseoir i ngníomhaíochtaí ad hoc neamhphleanáilte a mheasann an Príomh-Fhormhaoirseoir a bheith riachtanach chun críche formhaoirseachta.

Airteagal 1 2

2.   I gcás ina ndéanann an Príomh-Fhormhaoirseoir athbhreithniú suntasach ar an bplean formhaoirseachta bliantúil aonair le linn na bliana, tabharfaidh an Príomh-Fhormhaoirseoir páirt do bhaill den fhoireann scrúdúcháin chomhpháirteach i gcur i gcrích an phlean formhaoirseachta bhliantúil aonair agus san athbhreithniú air sin.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas