+Airteagal 2 Bunú na foirne scrúdúcháin comhpháirtí
---+Airteagal 2 1
---+Airteagal 2 2
---+Airteagal 2 3
---+Airteagal 2 4
---+Airteagal 2 5
---+Airteagal 2 6
---+Airteagal 2 7

Airteagal 2 Bunú na foirne scrúdúcháin comhpháirtí

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 2 1

1.   Tar éis an chéad soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí a ainmniú mar sholáthraí criticiúil i gcomhréir le hAirteagal 31(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2022/2554, bunóidh an Príomh-Fhormhaoirseoir, i gcomhaontú leis an Líonra Formhaoirseachta Comhpháirtí dá dtagraítear in Airteagal 34(1) de Rialachán (AE) 2022/2554, an fhoireann scrúdúcháin chomhpháirteach a bheidh freagrach as na gníomhaíochtaí formhaoirseachta a dhéanamh ar an soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí criticiúil sin.

Airteagal 2 2

2.   I gcás ina dtarlaíonn athruithe ábhartha maidir le staid an tsoláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí chriticiúil, féadfaidh an Príomh-Fhormhaoirseoir nuashonrú a dhéanamh, i gcomhaontú leis an Líonra Formhaoirseachta Comhpháirtí, ar chomhdhéanamh na foirne scrúdúcháin comhpháirtí atá freagrach as na gníomhaíochtaí formhaoirseachta a dhéanamh ar an soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí criticiúil sin.

Chuige sin, bainfidh athruithe ábhartha maidir leis an soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí criticiúil le haon cheann díobh seo a leanas:

(a)

na seirbhísí a sholáthraíonn soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí criticiúil;

(b)

na gníomhaíochtaí a dhéanann eintitis airgeadais a fhaigheann tacaíocht ó sheirbhísí TFC an tsoláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí chriticiúil;

(c)

an liosta de sholáthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí criticiúla ar leibhéal an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 31(9) de Rialachán (AE) 2022/2554.

Airteagal 2 3

3.   Ainmneoidh na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 40(2) de Rialachán (AE) 2022/2554 duine amháin nó níos mó óna bhfoireann lena cheapadh nó lena ceapadh mar bhaill den fhoireann scrúdúcháin chomhpháirteach. Féadfar duine aonair a ainmniú agus a cheapadh mar bhall d’fhoireann scrúdúcháin chomhpháirteach amháin nó níos mó.

Airteagal 2 4

4.   Ceapfaidh an Príomh-Fhormhaoirseoir na daoine aonair a ainmneofar mar bhaill den fhoireann scrúdúcháin chomhpháirteach ar bhonn lánaimseartha nó páirtaimseartha, ag brath ar a n-infhaighteacht, ar riachtanais shonracha an Phríomh-Fhormhaoirseora, agus ar an gcomhaontú idir an t-údarás ainmniúcháin agus an Príomh-Fhormhaoirseoir.

Airteagal 2 5

5.   Agus baill de na foirne scrúdúcháin comhpháirteacha á n-ainmniú acu, déanfaidh na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 40(2) de Rialachán (AE) 2022/2554 measúnú ar a saineolas teicniúil, a gcáilíochtaí agus a scileanna in TFC agus i réimsí ábhartha, lena n-áirítear scileanna cumarsáide agus comhair, chomh maith le scileanna iniúchóireachta agus maoirseachta.

Airteagal 2 6

6.   Ní fhéadfaidh an Príomh-Fhormhaoirseoir a cheangal ar na húdaráis ainmniúcháin a n-ainmniúcháin a mhodhnú ach amháin in imthosca a bhfuil údar cuí leo agus nuair nach bhfuil próifílí na ndaoine aonair ainmnithe ag teacht le próifíl na n-acmhainní is gá.

Airteagal 2 7

7.   Déanfaidh an Príomh-Fhormhaoirseoir agus na húdaráis gach beart iomchuí agus féideartha chun a áirithiú go mbeidh foireann leordhóthanach ag an bhfoireann scrúdúcháin chomhpháirteach i gcomhréir leis an bplean maoirseachta aonair bliantúil.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas