+Airteagal 1 Sainmhínithe
---+Airteagal 1 (1)
---+Airteagal 1 (2)
---+Airteagal 1 (3)
---+Airteagal 1 (4)
---+Airteagal 1 (5)
---+Airteagal 1 (6)
---+Airteagal 1 (7)
---+Airteagal 1 (8)
---+Airteagal 1 (9)
---+Airteagal 1 (10)
---+Airteagal 1 (11)
---+Airteagal 1 (12)
---+Airteagal 1 (13)
---+Airteagal 1 (14)
---+Airteagal 1 (15)
---+Airteagal 1 (16)
---+Airteagal 1 (17)
---+Airteagal 1 (18)
|
Airteagal 1 Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 1 (1)
|
ciallaíonn ‘foireann rialaithe’ an fhoireann atá comhdhéanta de bhaill foirne an eintitis airgeadais a tástáladh agus, i gcás inarb ábhartha, i gcomaoin raon feidhme TLPT, baill foirne a sholáthraithe seirbhíse tríú páirtí agus aon pháirtí eile, a bhainistíonn an tástáil;
|
|
Airteagal 1 (2)
|
ciallaíonn ‘ceannasaí na foirne rialaithe’ an ball foirne den eintiteas airgeadais atá freagrach as gach gníomhaíocht a bhaineann le TLPT a dhéanamh don eintiteas airgeadais i gcomhthéacs tástáil ar leith;
|
|
Airteagal 1 (3)
|
ciallaíonn ‘foireann ghorm’ baill foirne an eintitis airgeadais agus, i gcás inarb ábhartha, baill foirne sholáthraithe seirbhíse tríú páirtí an eintitis airgeadais agus aon pháirtí eile a mheastar a bheith ábhartha i gcomaoin raon feidhme TLPT, de sholáthraithe seirbhíse tríú páirtí an eintitis airgeadais, atá ag cosaint na húsáide a bhaineann eintiteas airgeadais as córais líonra agus faisnéise trína sheasamh cibearshlándála a choinneáil ar bun in aghaidh ionsaithe ionsamhlaithe nó fíorionsaithe agus nach bhfuil ar an eolas faoi TLPT;
|
|
Airteagal 1 (4)
|
ciallaíonn ‘cúraimí foirne goirme’ cúraimí a dhéanann an fhoireann ghorm de ghnáth, amhail lárionad oibríochtaí slándála (SOC), seirbhísí bonneagair TFC, seirbhísí deisce cabhraí, seirbhísí bainistithe teagmhas ar an leibhéal oibríochtúil;
|
|
Airteagal 1 (5)
|
ciallaíonn ‘foireann dhearg’ na tástálaithe, bídís inmheánach nó seachtrach, ar conradh le haghaidh TLPT nó sannta do TLPT;
|
|
Airteagal 1 (6)
|
ciallaíonn ‘modh na foirne corcra’ gníomhaíocht tástála chomhoibríoch a mbíonn na tástálaithe agus an fhoireann ghorm araon páirteach inti;
|
|
Airteagal 1 (7)
|
ciallaíonn ‘údarás TPT’ aon cheann díobh seo a leanas:
|
(a)
|
an t-údarás poiblí aonair san earnáil airgeadais arna ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 26(9) de Rialachán (AE) 2022/2554;
|
|
(b)
|
an t-údarás san earnáil airgeadais a dtarmligtear chuige cuid de na cúraimí nó na cúraimí uile i ndáil le TLPT a fheidhmiú i gcomhréir le hAirteagal 26(10) de Rialachán (AE) 2022/2554;
|
|
(c)
|
aon cheann de na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 46 de Rialachán (AE) 2022/2554;
|
|
|
Airteagal 1 (8)
|
ciallaíonn ‘Cibearfhoireann TLPT’ nó ‘TCT’ na baill foirne laistigh d’údaráis TLPT atá freagrach as ábhair a bhaineann le TLPT;
|
|
Airteagal 1 (9)
|
ciallaíonn ‘bainisteoirí tástála’ baill foirne atá ainmnithe chun gníomhaíochtaí údarás TLPT a stiúradh le haghaidh TLPT sonrach chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh an Rialacháin seo;
|
|
Airteagal 1 (10)
|
ciallaíonn ‘soláthraí faisnéise bagartha’ na saineolaithe, atá ar conradh ag an eintiteas airgeadais le haghaidh gach TLPT, agus atá seachtrach don eintiteas airgeadais agus do sholáthraithe seirbhíse TFC inghrúpa más ann dóibh, a bhailíonn agus a dhéanann anailís ar fhaisnéis bhagartha spriocdhírithe atá ábhartha do na heintitis airgeadais faoi raon feidhme chleachtadh sonrach TLPT agus a fhorbraíonn cásanna bagartha atá ábhartha agus réalaíoch;
|
|
Airteagal 1 (11)
|
ciallaíonn ‘soláthraithe TPT’ tástálaithe agus soláthraithe faisnéise bagartha;
|
|
Airteagal 1 (12)
|
ciallaíonn ‘fóirithint’ an cúnamh nó an fhaisnéis a sholáthraíonn an fhoireann rialaithe do na tástálaithe chun é a chur ar a gcumas do na tástálaithe leanúint de chonair inionsaithe a chur i gcrích i gcás nach féidir leo dul chun cinn a dhéanamh leo féin, agus i gcás nach bhfuil aon rogha réasúnta eile ann, lena n-áirítear le haghaidh tréimhse nó acmhainní nach bhfuil leordhóthanach in TLPT ar leith;
|
|
Airteagal 1 (13)
|
ciallaíonn ‘conair inionsaithe’ an bealach a leanann tástálaithe le linn chéim thástála na foirne deirge gníomhaí den TLPT chun na bratacha a shonraítear don TLPT sin a bhaint amach;
|
|
Airteagal 1 (14)
|
is príomhchuspóirí iad ‘bratacha’ sna córais TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha eintitis airgeadais a ndéanann na tástálaithe iarracht iad a bhaint amach tríd an tástáil;
|
|
Airteagal 1 (15)
|
ciallaíonn ‘faisnéis íogair’ faisnéis is féidir a úsáid go héasca chun ionsaithe a dhéanamh ar chórais TFC an eintitis airgeadais, ar mhaoin intleachtúil, ar shonraí rúnda gnó, nó ar shonraí pearsanta, a d’fhéadfadh díobháil dhíreach nó indíreach a dhéanamh don eintiteas airgeadais agus dá éiceachóras, dá bhfaigheadh gníomhaithe mailíseacha í;
|
|
Airteagal 1 (16)
|
ciallaíonn ‘comhthiomsú’ na heintitis airgeadais uile atá rannpháirteach in TLPT comhthiomsaithe de bhun Airteagal 26(4) de Rialachán (AE) 2022/2554;
|
|
Airteagal 1 (17)
|
ciallaíonn ‘Ballstát óstach’ an Ballstát óstach i gcomhréir le dlí earnálach an Aontais is infheidhme maidir le gach eintiteas airgeadais;
|
|
Airteagal 1 (18)
|
ciallaíonn ‘TLPT comhpháirteach’ TLPT, seachas TLPT comhthiomsaithe dá dtagraítear in Airteagal 26(4) de Rialachán (AE) 2022/2554, lena mbaineann roinnt eintiteas airgeadais a úsáideann an soláthraí seirbhíse TFC inghrúpa céanna, nó a bhaineann leis an ngrúpa céanna agus a chomhroinneann córais TFC.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|