+Airteagal 4 Socruithe eagraíochtúla le haghaidh eintitis airgeadais
---+Airteagal 4 1
---+Airteagal 4 2
|
Airteagal 4 Socruithe eagraíochtúla le haghaidh eintitis airgeadais
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 4 1
|
1. Ceapfaidh eintitis airgeadais ceannasaí foirne rialaithe a bheidh freagrach as bainistiú laethúil TLPT agus as cinntí agus gníomhaíochtaí na foirne rialaithe.
|
|
Airteagal 4 2
|
2. Bunóidh eintitis airgeadais bearta eagraíochtúla agus nós imeachta chun an méid seo a leanas a áirithiú:
|
(a)
|
go bhfuil rochtain ar fhaisnéis a bhaineann le haon TLPT atá beartaithe nó atá ar siúl faoi láthair teoranta ar bhonn riachtanas eolais don fhoireann rialaithe, don chomhlacht bainistíochta, do na tástálaithe, don soláthraí faisnéise bagartha agus d’údarás TLPT;
|
|
(b)
|
go rachaidh an fhoireann rialaithe i gcomhairle leis na bainisteoirí tástála sula mbeidh aon bhall den fhoireann ghorm rannpháirteach in TLPT;
|
|
(c)
|
go gcuirfear an fhoireann rialaithe ar an eolas faoi aon bhrath TLPT ag baill foirne an eintitis airgeadais nó ag a sholáthraithe seirbhíse tríú páirtí; i gcás géarú ar an bhfreagairt ar theagmhas a eascraíonn as sin, i gcás inar gá, go mbeidh géarú den sórt sin san fhoireann rialaithe;
|
|
(d)
|
go bhfuil socruithe i bhfeidhm a bhaineann le rúndacht TLPT, is infheidhme maidir le foireann an eintitis airgeadais, le foireann na soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí lena mbaineann, le tástálaithe agus leis an soláthraí faisnéise bagartha;
|
|
(e)
|
go soláthróidh an fhoireann rialaithe aon fhaisnéis a bhaineann leis an TLPT do na bainisteoirí tástála arna iarraidh sin dóibh;
|
|
(f)
|
i gcás inar féidir, nach ndéanann páirtithe a bhfuil baint acu le TLPT tagairt dó ach amháin de réir códainm.
|
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|