+Airteagal 4a Catagóirí speisialta sonraí pearsanta a phróiseáil chun claontacht a bhrath agus a cheartú
---+Airteagal 4a 1.
---+Airteagal 4a 2.
|
Airteagal 4a Catagóirí speisialta sonraí pearsanta a phróiseáil chun claontacht a bhrath agus a cheartú
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 4a 1.
|
A mhéid is fíorghá chun brath agus ceartú claontachta a áirithiú i ndáil le córais intleachta saorga ardriosca, i gcomhréir le hAirteagal 10(2), pointí (f) agus (g) den Rialachán seo, féadfaidh soláthraithe na gcóras sin catagóirí speisialta sonraí pearsanta a phróiseáil go heisceachtúil, faoi réir coimircí iomchuí maidir le cearta agus saoirsí bunúsacha daoine nádúrtha. De bhreis ar na forálacha a leagtar amach i Rialachán (AE) 2016/679 agus (AE) 2018/1725 agus i dTreoir (AE) 2016/680, mar is infheidhme, comhlíonfar na coinníollacha uile seo a leanas chun go bhféadfaí an phróiseáil sin a dhéanamh:
(a)
ní féidir brath agus ceartú claontachta a chomhlíonadh go héifeachtach trí shonraí eile a phróiseáil, lena n-áirítear sonraí sintéiseacha nó anaithnidithe;
(b)
tá na catagóirí speisialta sonraí pearsanta faoi réir teorainneacha teicniúla maidir le hathúsáid na sonraí pearsanta, agus faoi réir bearta úrscothacha slándála agus caomhnaithe príobháideachais, lena n-áirítear an bréagainmniú;
(c)
tá na catagóirí speisialta sonraí pearsanta faoi réir beart chun a áirithiú go bhfuil na sonraí pearsanta a phróiseáiltear slán agus faoi chosaint, faoi réir coimircí oiriúnacha, lena n-áirítear rialuithe dochta agus doiciméadacht ar an rochtain, chun mí-úsáid a sheachaint agus chun a áirithiú nach mbeidh rochtain ach ag daoine údaraithe a bhfuil oibleagáidí rúndachta iomchuí orthu ar na sonraí pearsanta sin;
(d)
ní tharchuirtear, ní aistrítear ná níl rochtain ar shlí eile ag páirtithe eile ar na catagóirí speisialta sonraí pearsanta;
(e)
scriostar na catagóirí speisialta sonraí pearsanta a luaithe a cheartófar an chlaontacht nó nuair a bheidh deireadh tagtha le tréimhse coinneála na sonraí pearsanta, cibé acu is túisce; agus
(f)
áirítear sna taifid ar ghníomhaíochtaí próiseála de bhun Rialacháin (AE) 2016/679 agus (AE) 2018/1725 agus Threoir (AE) 2016/680 na cúiseanna a raibh fíorghá le catagóirí speisialta sonraí pearsanta a phróiseáil chun claontachtaí a bhrath agus a cheartú, agus an fáth nárbh fhéidir an cuspóir sin a bhaint amach trí shonraí eile a phróiseáil.
|
|
Airteagal 4a 2.
|
Féadfaidh soláthraithe agus úsáideoirí gairmiúla córas agus samhlacha intleachta saorga eile agus úsáideoirí gairmiúla córas intleachta saorga ardriosca catagóirí speisialta sonraí pearsanta a phróiseáil go heisceachtúil a mhéid:
(a)
a bheidh géarghá leis an bpróiseáil sin chun brath agus ceartú claontachta a áirithiú i bhfianaise claontachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann ar dócha go ndéanfaidh siad difear do shláinte agus do shábháilteacht daoine, go mbeidh tionchar diúltach acu ar chearta bunúsacha nó go mbeidh idirdhealú a thoirmisctear de bhun dhlí an Aontais mar thoradh orthu, go háirithe i gcás ina mbíonn tionchar ag aschuir sonraí ar ionchuir le haghaidh oibríochtaí a bheidh ann amach anseo; agus
(b)
a chuirfear na coinníollacha agus na coimircí uile a leagtar amach i mír 1 i bhfeidhm.
Ní chruthaítear leis an mír seo aon oibleagáid chun an chlaontacht sin a bhrath agus a cheartú.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|