+Airteagal 4a 1.

Airteagal 4a 1.

A mhéid is fíorghá chun brath agus ceartú claontachta a áirithiú i ndáil le córais intleachta saorga ardriosca, i gcomhréir le hAirteagal 10(2), pointí (f) agus (g) den Rialachán seo, féadfaidh soláthraithe na gcóras sin catagóirí speisialta sonraí pearsanta a phróiseáil go heisceachtúil, faoi réir coimircí iomchuí maidir le cearta agus saoirsí bunúsacha daoine nádúrtha. De bhreis ar na forálacha a leagtar amach i Rialachán (AE) 2016/679 agus (AE) 2018/1725 agus i dTreoir (AE) 2016/680, mar is infheidhme, comhlíonfar na coinníollacha uile seo a leanas chun go bhféadfaí an phróiseáil sin a dhéanamh:

(a) 

ní féidir brath agus ceartú claontachta a chomhlíonadh go héifeachtach trí shonraí eile a phróiseáil, lena n-áirítear sonraí sintéiseacha nó anaithnidithe;

(b) 

tá na catagóirí speisialta sonraí pearsanta faoi réir teorainneacha teicniúla maidir le hathúsáid na sonraí pearsanta, agus faoi réir bearta úrscothacha slándála agus caomhnaithe príobháideachais, lena n-áirítear an bréagainmniú;

(c) 

tá na catagóirí speisialta sonraí pearsanta faoi réir beart chun a áirithiú go bhfuil na sonraí pearsanta a phróiseáiltear slán agus faoi chosaint, faoi réir coimircí oiriúnacha, lena n-áirítear rialuithe dochta agus doiciméadacht ar an rochtain, chun mí-úsáid a sheachaint agus chun a áirithiú nach mbeidh rochtain ach ag daoine údaraithe a bhfuil oibleagáidí rúndachta iomchuí orthu ar na sonraí pearsanta sin;

(d) 

ní tharchuirtear, ní aistrítear ná níl rochtain ar shlí eile ag páirtithe eile ar na catagóirí speisialta sonraí pearsanta;

(e) 

scriostar na catagóirí speisialta sonraí pearsanta a luaithe a cheartófar an chlaontacht nó nuair a bheidh deireadh tagtha le tréimhse coinneála na sonraí pearsanta, cibé acu is túisce; agus

(f) 

áirítear sna taifid ar ghníomhaíochtaí próiseála de bhun Rialacháin (AE) 2016/679 agus (AE) 2018/1725 agus Threoir (AE) 2016/680 na cúiseanna a raibh fíorghá le catagóirí speisialta sonraí pearsanta a phróiseáil chun claontachtaí a bhrath agus a cheartú, agus an fáth nárbh fhéidir an cuspóir sin a bhaint amach trí shonraí eile a phróiseáil.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas