+Airteagal 58 Socruithe mionsonraithe le haghaidh boscaí gainimh rialála intleachta saorga agus feidhmiú boscaí gainimh rialála intleachta saorga
---+Airteagal 58 1.
---+Airteagal 58 2.
---+Airteagal 58 3.
---+Airteagal 58 4.
|
Airteagal 58 Socruithe mionsonraithe le haghaidh boscaí gainimh rialála intleachta saorga agus feidhmiú boscaí gainimh rialála intleachta saorga
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 58 1.
|
Chun ilroinnt ar fud an Aontais a sheachaint, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonrófar na socruithe mionsonraithe chun na boscaí gainimh rialála intleachta saorga a bhunú, a fhorbairt, a chur chun feidhme, a oibriú, a rialú agus a mhaoirsiú. Sna gníomhartha cur chun feidhme sin, áireofar prionsabail choiteanna maidir leis na saincheisteanna seo a leanas:
▼B
(a)
na critéir incháilitheachta agus roghnúcháin don rannpháirtíocht sa bhosca gainimh rialála intleachta saorga;
(b)
na nósanna imeachta maidir leis an mbosca gainimh rialála intleachta saorga a chur i bhfeidhm, rannpháirtíocht inti, faireachán uirthi, imeacht uaithi agus í a fhoirceannadh, lena n-áirítear plean bosca gainimh agus an tuarascáil imeachta;
(c)
na téarmaí agus na coinníollacha is infheidhme maidir leis na rannpháirtithe;
▼M1
(d)
na rialacha mionsonraithe is infheidhme maidir le rialachas boscaí gainimh rialála intleachta saorga a chumhdaítear de bhun Airteagal 57, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le rannpháirtíocht agus maoirseacht na n-údarás inniúil cosanta sonraí, i gcás inarb ábhartha, agus an comhordú agus an comhar ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais.
▼B
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 98(2).
|
|
Airteagal 58 2.
|
Leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1, áiritheofar an méid seo a leanas:
(a)
tá boscaí gainimh rialála intleachta saorga oscailte d’aon soláthraí nó soláthraí ionchasach córais intleachta saorga a chomhlíonann na critéir incháilitheachta agus roghnúcháin a bheidh cothrom trédhearcach, agus cuirfidh na húdaráis inniúla náisiúnta iarratasóirí ar an eolas faoina gcinneadh laistigh de thrí mhí ón iarratas;
(b)
le boscaí gainimh rialála intleachta saorga, ceadófar rochtain leathan chomhionann agus coinneofar suas leis an éileamh ar rannpháirtíocht; féadfaidh soláthraithe agus soláthraithe ionchasacha iarratais a chur isteach freisin i gcomhpháirtíocht le húsáideoirí gairmiúla agus le haon tríú páirtithe ábhartha eile;
(c)
na socruithe mionsonraithe le haghaidh boscaí gainimh rialála intleachta saorga agus na coinníollacha a bhaineann leo, a mhéid is féidir, tacaíonn siad le solúbthacht d’údaráis inniúla náisiúnta chun a mboscaí gainimh rialála intleachta saorga a bhunú agus a oibriú;
(d)
beidh an rochtain ar na boscaí gainimh rialála intleachta saorga saor in aisce do FBManna, gnólachtaí nuathionscanta san áireamh, gan dochar do na costais eisceachtúla a d’fhéadfadh na húdaráis inniúla náisiúnta a ghnóthú ar bhealach cothrom comhréireach;
(e)
éascaíonn siad soláthraithe agus soláthraithe ionchasacha, trí bhíthin thorthaí foghlama na mboscaí gainimh rialála intleachta saorga, agus na hoibleagáidí um measúnú comhréireachta faoin Rialachán seo á gcomhlíonadh acu agus cur i bhfeidhm deonach na gcód iompair dá dtagraítear in Airteagal 95;
(f)
déanfaidh boscaí gainimh rialála intleachta saorga rannpháirtíocht gníomhaithe ábhartha eile san éiceachóras intleachta saorga a éascú, amhail comhlachtaí faoina dtugtar fógra agus eagraíochtaí um chaighdeánú, FBManna lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta, fiontair, nuálaithe, saoráidí tástála agus turgnamhaíochta, saotharlanna taighde agus turgnamhaíochta agus moil Eorpacha maidir leis an nuálaíocht dhigiteach, ionaid barr feabhais, taighdeoirí aonair, chun comhar leis an earnáil phoiblí agus phríobháideach a cheadú agus a éascú;
(g)
beidh nósanna imeachta, próisis agus ceanglais riaracháin maidir le cur i bhfeidhm, roghnú, rannpháirtíocht agus imeacht as an mbosca gainimh rialála intleachta saorga simplí, sothuigthe agus curtha in iúl go soiléir chun rannpháirtíocht FBManna, gnólachtaí nuathionscanta san áireamh, a bhfuil acmhainneachtaí teoranta dlíthiúla agus riaracháin acu a éascú agus déanfar iad a chuíchóiriú ar fud an Aontais, chun ilroinnt a sheachaint agus beidh rannpháirtíocht i mbosca gainimh rialála intleachta saorga a bhunaíonn Ballstát nó an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí aitheanta go frithpháirteach agus go haonfhoirmeach agus beidh na héifeachtaí dlíthiúla céanna aici ar fud an Aontais;
(h)
beidh rannpháirtíocht sa bhosca gainimh rialála intleachta saorga teoranta do thréimhse atá iomchuí do chastacht agus méid an tionscadail, a d’fhéadfadh an t-údarás inniúil náisiúnta síneadh a chur leis;
(i)
éascóidh na boscaí gainimh rialála intleachta saorga an fhorbairt ar uirlisí agus bonneagair lena ndéantar tástáil, tagarmharcáil agus measúnú ar ghnéithe de chórais intleachta saorga atá ábhartha d’fhoghlaim rialála, amhail cruinneas, stóinseacht agus cibearshlándáil chomh maith le bearta chun rioscaí do chearta bunúsacha agus don tsochaí i gcoitinne a mhaolú, agus lena dtugtar míniú ina leith.
|
|
Airteagal 58 3.
|
Díreofar soláthraithe ionchasacha sna boscaí gainimh rialála intleachta saorga, go háirithe FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta, chuig seirbhísí réamh-úsáidte, i gcás inarb ábhartha, amhail treoir maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, chuig seirbhísí breisluacha eile amhail cabhair le doiciméid agus deimhniú um chaighdeánú, saoráidí tástála agus turgnamhaíochta, moil Eorpacha maidir leis an nuálaíocht dhigiteach agus ionaid barr feabhais.
|
|
Airteagal 58 4.
|
I gcás ina bhféachann na húdaráis inniúla náisiúnta le tástáil i bhfíordhálaí a údarú a ndéantar a mhaoirsiú faoi chuimsiú bosca gainimh rialála intleachta saorga a bhunaítear faoin Airteagal seo, comhaontóidh siad go sonrach maidir le téarmaí agus coinníollacha na tástála sin agus, go háirithe maidir leis na coimircí iomchuí leis na rannpháirtithe d’fhonn cearta bunúsacha, sláinte agus sábháilteacht a chosaint. I gcás inarb iomchuí, comhoibreoidh siad le húdaráis inniúla náisiúnta eile d’fhonn cleachtais chomhsheasmhacha a áirithiú ar fud an Aontais.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|