+Airteagal 58 1.

Airteagal 58 1.

Chun ilroinnt ar fud an Aontais a sheachaint, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonrófar na socruithe mionsonraithe chun na boscaí gainimh rialála intleachta saorga a bhunú, a fhorbairt, a chur chun feidhme, a oibriú, a rialú agus a mhaoirsiú. Sna gníomhartha cur chun feidhme sin, áireofar prionsabail choiteanna maidir leis na saincheisteanna seo a leanas:

▼B

(a) 

na critéir incháilitheachta agus roghnúcháin don rannpháirtíocht sa bhosca gainimh rialála intleachta saorga;

(b) 

na nósanna imeachta maidir leis an mbosca gainimh rialála intleachta saorga a chur i bhfeidhm, rannpháirtíocht inti, faireachán uirthi, imeacht uaithi agus í a fhoirceannadh, lena n-áirítear plean bosca gainimh agus an tuarascáil imeachta;

(c) 

na téarmaí agus na coinníollacha is infheidhme maidir leis na rannpháirtithe;

▼M1

(d) 

na rialacha mionsonraithe is infheidhme maidir le rialachas boscaí gainimh rialála intleachta saorga a chumhdaítear de bhun Airteagal 57, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le rannpháirtíocht agus maoirseacht na n-údarás inniúil cosanta sonraí, i gcás inarb ábhartha, agus an comhordú agus an comhar ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais.

▼B

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 98(2).

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas