+Airteagal 76 Maoirseacht arna déanamh ag na húdaráis faireachais margaidh ar thástáil i bhfíordhálaí
---+Airteagal 76 1.
---+Airteagal 76 2.
---+Airteagal 76 3.
---+Airteagal 76 4.
---+Airteagal 76 5.

Airteagal 76 Maoirseacht arna déanamh ag na húdaráis faireachais margaidh ar thástáil i bhfíordhálaí

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 76 1.
Beidh na hinniúlachtaí agus na cumhachtaí ag na húdaráis faireachais margaidh chun a áirithiú go mbeidh tástáil i bhfíordhálaí i gcomhréir leis an Rialachán seo.

I gcás ina bhfuil tástáil i bhfíordhálaí bunaithe ar Airteagal 60a, déanfar aon tagairt d’údarás faireachais margaidh san Airteagal seo a fhorléiriú mar thagairt don údarás inniúil náisiúnta nó don údarás iomchuí faoi reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a liostaítear i Roinn B d’Iarscríbhinn I, agus déanfar tagairtí d’Airteagal 60 a fhorléiriú mar thagairtí d’Airteagal 60a, de réir mar is iomchuí.

Airteagal 76 2.
I gcás ina ndéantar tástáil i bhfíordhálaí le haghaidh córais intleachta saorga a ndéantar maoirseacht orthu laistigh de bhosca gainimh intleachta saorga faoi Airteagal 58, fíoróidh na húdaráis faireachais margaidh go bhfuil Airteagal 60 á gcomhlíonadh, mar chuid dá ról maoirseachta maidir le bosca gainimh intleachta saorga. Féadfaidh na húdaráis sin, de réir mar is iomchuí, cead a thabhairt don soláthraí nó don soláthraí ionchasach an tástáil i bhfíordhálaí a dhéanamh de mhaolú ar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 60(4), pointí (f) agus (g).
Airteagal 76 3.

I gcás inar chuir an soláthraí ionchasach, an soláthraí nó aon tríú páirtí an t-údarás faireachais margaidh ar an eolas faoi theagmhas tromchúiseach nó i gcás ina mbeidh forais eile aige lena mheas nár comhlíonadh na coinníollacha a leagtar amach in Airteagail 60 agus 61, féadfaidh sé ceachtar den dá chinneadh seo a leanas a dhéanamh ar a chríoch, de réir mar is iomchuí:

(a) 

an tástáil i bhfíordhálaí a chur ar fionraí nó deireadh a chur léi;

(b) 

a cheangal ar an soláthraí nó ar an soláthraí ionchasach agus ar an úsáideoir gairmiúil nó úsáideoir gairmiúil ionchasach aon ghné den tástáil a mhodhnú i bhfíordhálaí.

Airteagal 76 4.
I gcás ina bhfuil cinneadh dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo déanta ag údarás faireachais margaidh nó ina bhfuil agóid déanta aige de réir bhrí Airteagal 60(4), pointe (b), léireofar sa chinneadh nó san agóid forais an chinnidh nó na hagóide sin agus an chaoi ar féidir leis an soláthraí nó an soláthraí ionchasach cur i gcoinne an chinnidh nó na hagóide.
Airteagal 76 5.
I gcás inarb infheidhme, ina mbeidh cinneadh dá dtagraítear i mír 3 déanta ag údarás faireachais margaidh, cuirfidh sé na forais atá leis an gcinneadh sin in iúl do na húdaráis faireachais margaidh sna Ballstáit eile ina ndearnadh an córas intleachta saorga a thástáil i gcomhréir leis an bplean tástála.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas