+Airteagal 90 Foláirimh ón bpainéal eolaíoch maidir le rioscaí sistéamacha
---+Airteagal 90 1.
---+Airteagal 90 2.
---+Airteagal 90 3.

Airteagal 90 Foláirimh ón bpainéal eolaíoch maidir le rioscaí sistéamacha

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 90 1.

Féadfaidh an painéal eolaíoch foláireamh cáilithe a thabhairt don Oifig um Intleacht Shaorga i gcás ina bhfuil cúis amhrais aige:

(a) 

go mbaineann riosca nithiúil in-sainaitheanta ar leibhéal an Aontais le samhail intleachta saorga ilchuspóireach; nó,

(b) 

go gcomhlíonann samhail intleachta saorga ilchuspóireach na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 51.

Airteagal 90 2.
Ar fholáireamh cáilithe mar sin a fháil, féadfaidh an Coimisiún, tríd an Oifig um Intleacht Shaorga agus tar éis dó an Bord a chur ar an eolas, na cumhachtaí a leagtar síos sa Roinn seo a fheidhmiú chun an t-ábhar a mheasúnú. Cuirfidh an Oifig um Intleacht Shaorga an Bord ar an eolas faoi aon bheart i gcomhréir le hAirteagail 91 go 94.
Airteagal 90 3.

Beidh réasúnú cuí leis an bhfoláireamh cáilithe agus léireofar an méid seo a leanas ar a laghad ann:

(a) 

pointe teagmhála sholáthraí na samhla intleachta saorga ilchuspóirí lena mbaineann a bhfuil riosca sistéamach ag baint leis;

(b) 

tuairisc ar na fíorais ábhartha agus ar na cúiseanna atá leis an bhfoláireamh ón bpainéal eolaíoch;

(c) 

aon fhaisnéis eile a mheasann an painéal eolaíoch a bheith ábhartha, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, faisnéis arna bailiú ar a thionscnamh féin.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas