+IARSCRÍBHINN VII Comhréireacht bunaithe ar mheasúnú ar an gcóras bainistíochta cáilíochta agus ar mheasúnú ar an doiciméadacht theicniúil

IARSCRÍBHINN VII Comhréireacht bunaithe ar mheasúnú ar an gcóras bainistíochta cáilíochta agus ar mheasúnú ar an doiciméadacht theicniúil




IARSCRÍBHINN VII

Comhréireacht bunaithe ar mheasúnú ar an gcóras bainistíochta cáilíochta agus ar mheasúnú ar an doiciméadacht theicniúil

1.   Réamhrá

Is í an chomhréireacht bunaithe ar mheasúnú ar an gcóras bainistíochta cáilíochta agus ar mheasúnú ar an doiciméadacht theicniúil an nós imeachta um measúnú comhréireachta bunaithe ar phointí 2 go 5.

2.   Forbhreathnú

An córas bainistíochta cáilíochta formheasta chun córais intleachta saorga a dhearadh, a fhorbairt agus a thástáil de bhun Airteagal 17, déanfar scrúdú air i gcomhréir le pointe 3 agus beidh sé faoi réir faireachais mar a shonraítear i bpointe 5. Déanfar scrúdú ar dhoiciméadacht theicniúil an chórais intleachta saorga i gcomhréir le pointe 4.

3.   Córas bainistíochta cáilíochta

3.1. Cuimseofar an méid seo a leanas in iarratas an tsoláthraí:

(a) 

ainm agus seoladh an tsoláthraí agus, más ionadaí údaraithe a thaisceann an t-iarratas, a ainm agus a sheoladh siúd freisin;

(b) 

liosta na gcóras intleachta saorga a chumhdaítear faoin gcóras bainistíochta cáilíochta céanna;

(c) 

an doiciméadacht theicniúil le haghaidh gach córais intleachta saorga a chumhdaítear faoin gcóras bainistíochta cáilíochta céanna;

(d) 

an doiciméadacht a bhaineann leis an gcóras bainistíochta cáilíochta lena gcumhdófar na gnéithe uile a liostaítear faoi Airteagal 17;

(e) 

tuairisc ar na nósanna imeachta atá i bhfeidhm lena áirithiú go mbeidh an córas bainistithe cáilíochta leormhaith agus éifeachtúil i gcónaí;

(f) 

dearbhú i scríbhinn nach bhfuil an t-iarratas céanna taiscthe le haon chomhlacht eile faoina dtugtar fógra.

3.2. Déanfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra an córas bainistíochta cáilíochta a mheasúnú, agus cinnfidh sé an gcomhlíonann sé na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 17.

Tabharfar fógra faoin gcinneadh don soláthraí nó dá ionadaí údaraithe.

Beidh san fhógra sin conclúidí an mheasúnaithe ar an gcóras bainistíochta cáilíochta agus an cinneadh measúnaithe réasúnaithe.

3.3. Leanfaidh an soláthraí den chóras bainistíochta cáilíochta mar atá formheasta a chur chun feidhme agus a choinneáil ar bun ionas go mbeidh sé leordhóthanach agus éifeachtúil i gcónaí.

3.4. Tarraingeoidh an soláthraí aird an chomhlachta faoina dtugtar fógra ar aon athrú atá beartaithe ar an gcóras bainistíochta cáilíochta formheasta nó ar liosta na gcóras intleachta saorga a chumhdaítear leis.

Déanfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra scrúdú ar na hathruithe atá beartaithe agus cinnfidh sé an mbeidh an córas bainistíochta cáilíochta modhnaithe in ann leanúint de na ceanglais dá dtagraítear i bpointe 3.2 a chomhlíonadh nó an mbeidh gá le hathmheasúnú.

Tabharfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra fógra don soláthraí maidir lena chinneadh. Beidh san fhógra sin conclúidí an scrúdaithe ar na hathruithe, agus an cinneadh measúnaithe réasúnaithe.

4.   Rialú ar an doiciméadacht theicniúil.

4.1. I dteannta an iarratais dá dtagraítear i bpointe 3, déanfaidh soláthraí iarratas a thaisceadh lena rogha comhlachta faoina dtugtar fógra maidir le measúnú a dhéanamh ar an doiciméadacht theicniúil a bhaineann leis an gcóras intleachta saorga a bhfuil sé i gceist aige é a chur ar an margadh nó a chur i mbun seirbhíse agus a chumhdaítear leis an gcóras bainistíochta cáilíochta dá dtagraítear faoi phointe 3.

4.2. Beidh na nithe seo a leanas san iarratas:

(a) 

ainm agus seoladh an tsoláthraí;

(b) 

dearbhú scríofa nár taisceadh an t-iarratas céanna le haon chomhlacht eile faoina dtugtar fógra;

(c) 

an doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Iarscríbhinn IV.

4.3. Is é an comhlacht faoina dtugtar fógra a dhéanfaidh scrúdú ar an doiciméadacht theicniúil. I gcás inarb ábhartha agus teoranta don mhéid is gá chun a gcúraimí a chomhlíonadh, tabharfar rochtain iomlán don chomhlacht faoina dtugtar fógra ar na tacair sonraí oiliúna, bailíochtaithe agus tástála a úsáideadh, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí agus faoi réir coimircí slándála, trí API nó trí mhodhanna agus uirlisí teicniúla iomchuí eile lenar féidir rochtain chianda a thabhairt.

4.4. Agus an doiciméadacht theicniúil á scrúdú, féadfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra a cheangal ar an soláthraí tuilleadh fianaise a sholáthar nó tuilleadh tástálacha a dhéanamh chun measúnú ceart a dhéanamh ar chomhréireacht an chórais intleachta saorga leis na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil III, Roinn 2. I gcás nach mbeidh an comhlacht faoina dtugtar fógra sásta leis na tástálacha a dhéanann an soláthraí, déanfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra é féin tástálacha leordhóthanacha go díreach, de réir mar is iomchuí.

4.5. I gcás inar gá chun measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht an chórais intleachta saorga ardriosca leis na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil III, Roinn 2, tar éis gach bealach réasúnta eile chun comhréireacht a fhíorú a bheith ídithe agus tar éis a chruthú nach bhfuil sé leordhóthanach, agus ar iarraidh réasúnaithe, tabharfar rochtain don chomhlacht faoina dtugtar fógra ar shamhlacha oiliúna agus oilte an chórais intleachta saorga, lena n-áirítear a pharaiméadair ábhartha. Beidh an rochtain sin faoi réir dhlí an Aontais atá ann cheana maidir le maoin intleachtúil agus rúin trádála a chosaint.

4.6. Tabharfar fógra faoi chinneadh an chomhlachta faoina dtugtar fógra don soláthraí nó dá ionadaí údaraithe. Beidh san fhógra sin conclúidí an mheasúnaithe ar an doiciméadacht theicniúil, agus an cinneadh measúnaithe réasúnaithe.

I gcás ina bhfuil an córas intleachta saorga i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil III, Roinn 2, eiseoidh an comhlacht faoina dtugtar fógra deimhniú maidir le measúnú ar dhoiciméadacht theicniúil de chuid an Aontais. Ar an deimhniú sin beidh ainm agus seoladh an tsoláthraí, conclúidí an scrúdaithe, na coinníollacha bailíochta (más ann dóibh) agus na sonraí is gá chun an córas intleachta saorga a shainaithint.

Beidh sa deimhniú agus sna hiarscríbhinní a ghabhann leis gach faisnéis ábhartha chun gur féidir comhréireacht an chórais intleachta saorga a mheas, agus chun gur féidir an córas intleachta saorga a rialú agus é in úsáid, i gcás inarb infheidhme.

I gcás nach bhfuil an córas intleachta saorga i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil III, Roinn 2, diúltóidh an comhlacht faoina dtugtar fógra deimhniú maidir le measúnú ar dhoiciméadacht theicniúil de chuid an Aontais a eisiúint, cuirfidh sé é sin in iúl don iarratasóir agus tabharfaidh sé cúiseanna mionsonraithe lena dhiúltú.

I gcás nach gcomhlíonann an córas intleachta saorga an ceanglas a bhaineann leis na sonraí a úsáidtear chun oiliúint a chur air, beidh gá le hathoiliúint an chórais intleachta saorga sula ndéanfar iarratas ar mheasúnú comhréireachta nua. Sa chás sin, beidh breithnithe sonracha maidir leis na sonraí cáilíochta a úsáidtear chun oiliúint a chur ar an gcóras intleachta saorga, go háirithe maidir leis na cúiseanna le neamhchomhlíonadh, i gcinneadh measúnaithe réasúnaithe an chomhlachta faoina dtugtar fógra a dhiúltaíonn deimhniú an Aontais maidir le measúnú ar dhoiciméadacht theicniúil a eisiúint.

4.7. Aon athrú ar an gcóras intleachta saorga a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do chomhlíontacht an chórais intleachta saorga leis na ceanglais nó don chríoch atá beartaithe dó, déanfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra a d’eisigh an deimhniú de chuid an Aontais maidir le measúnú ar dhoiciméadacht theicniúil an t-athrú sin a mheas. Cuirfidh an soláthraí an comhlacht sin faoina dtugtar fógra ar an eolas go bhfuil sé beartaithe aige aon cheann de na hathruithe thuasluaite a thabhairt isteach, nó cuirfidh sé ar an eolas é má fhaigheann sé amach ar bhealach eile faoi na hathruithe sin a tharla. Déanfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra na hathruithe atá beartaithe a mheasúnú agus cinnfidh sé an éilítear measúnú nua comhréireachta leis na hathruithe atá beartaithe i gcomhréir le hAirteagal 43(4) nó an bhféadfaí aghaidh a thabhairt orthu trí bhíthin forlíonadh leis an deimhniú de chuid an Aontais maidir le measúnú ar dhoiciméadacht theicniúil. Sa chás deiridh, déanfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra measúnú ar na hathruithe, tabharfaidh sé fógra don soláthraí faoina chinneadh, agus i gcás ina bhformheasfar na hathruithe, tabharfaidh sé forlíonadh don soláthraí leis an deimhniú de chuid an Aontais maidir le measúnú ar dhoiciméadacht theicniúil.

5.   Faireachas ar an gcóras bainistíochta cáilíochta formheasta.

5.1. Is é is cuspóir don fhaireachas a dhéanann an comhlacht faoina dtugtar fógra dá dtagraítear i bPointe 3 a áirithiú go gcomhlíonann an soláthraí go cuí téarmaí agus coinníollacha an chórais bainistíochta cáilíochta fhormheasta.

5.2. Chun críoch measúnaithe, tabharfaidh an soláthraí cead don chomhlacht faoina dtugtar fógra rochtain a fháil ar an áitreabh ina bhfuil dearadh, forbairt agus tástáil na gcóras intleachta saorga á ndéanamh. Thairis sin, roinnfidh an soláthraí an fhaisnéis uile is gá leis an gcomhlacht faoina dtugtar fógra.

5.3. Déanfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra iniúchtaí tréimhsiúla chun a áirithiú go gcoinneoidh an soláthraí an córas bainistíochta cáilíochta ar bun agus go gcuirfidh sé i bhfeidhm é, agus tabharfaidh sé tuarascáil iniúchóra don soláthraí. I gcomhthéacs na n-iniúchtaí sin, féadfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra tástálacha breise a dhéanamh ar na córais intleachta saorga ar eisíodh deimhniú de chuid an Aontais maidir le measúnú ar dhoiciméadacht theicniúil ina leith.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas

Saincheisteanna nasctha