|
+IARSCRÍBHINN XIII Critéir le haghaidh samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha a ainmniú a bhfuil riosca sistéamach acu dá dtagraítear in Airteagal 51 |
IARSCRÍBHINN XIII Critéir le haghaidh samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha a ainmniú a bhfuil riosca sistéamach acu dá dtagraítear in Airteagal 51
IARSCRÍBHINN XIII Critéir le haghaidh samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha a ainmniú a bhfuil riosca sistéamach acu dá dtagraítear in Airteagal 51 Chun críche a chinneadh go bhfuil cumais nó tionchar atá coibhéiseach leo sin a leagtar amach in Airteagal 51(1), pointe (a), ag samhail intleachta saorga ilchuspóireach, cuirfidh an Coimisiún na critéir seo a leanas san áireamh:
(a)
líon pharaiméadair na samhla;
(b)
cáilíocht nó méid an tacair sonraí, mar shampla tomhaiste trí chomharthaí;
(c)
an méid ríomha a úsáidtear le haghaidh oiliúint a chur ar an tsamhail, arna thomhas in oibríochtaí snámhphointe nó arna léiriú le meascán d’athróga eile mar shampla costas measta na hoiliúna, an t-am a mheastar a bheidh ag teastáil le haghaidh na hoiliúna, nó ídiú measta fuinnimh le haghaidh na hoiliúna;
(d)
módúlachtaí ionchuir agus aschuir na samhla, mar shampla téacs go téacs (samhlacha móra teanga), téacs go híomhá, ilmhódúlacht, agus tairseacha úrscothacha chun cumais ardtionchair a chinneadh le haghaidh gach modhúlachta, agus cineál sonrach na n-ionchur agus na n-aschur (e.g. seichimh bhitheolaíocha);
(e)
na tagarmharcanna agus meastóireachtaí ar chumais na samhla, lena n-áirítear líon na gcúraimí gan oiliúint bhreise, inoiriúnaitheacht chun cúraimí nua ar leith a fhoghlaim, leibhéal a neamhspleáchais agus a hinscálaitheachta, na huirlisí a bhfuil rochtain aici orthu;
(f)
an bhfuil tionchar mór aici ar an margadh inmheánach mar gheall ar a rochtain, rud a thoimhdeofar nuair a bheidh sí curtha ar fáil do 10 000 úsáideoir gnó cláraithe ar a laghad atá bunaithe san Aontas;
(g)
líon na n-úsáideoirí deiridh cláraithe. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
Saincheisteanna nasctha
|