+IARSCRÍBHINN XIV

IARSCRÍBHINN XIV




IARSCRÍBHINN XIV

Liosta na gcód, na gcatagóirí agus na gcineálacha comhfhreagracha córas intleachta saorga chun críocha an nós imeachta um fhógra a thabhairt dá dtagraítear in Airteagal 30, lena sonraítear raon feidhme an ainmniúcháin mar chomhlachtaí faoina dtugtar fógra

1.    Réamhrá

D’fhéadfadh sé go mbeadh gá le rannpháirtíocht na gcomhlachtaí um measúnú comhréireachta chun measúnú comhréireachta a dhéanamh ar chórais intleachta saorga ardriosca de bhun an Rialacháin seo. Ní fhéadfaidh ach comhlachtaí um measúnú comhréireachta arna n-ainmniú i gcomhréir leis an Rialachán seo measúnuithe comhréireachta a dhéanamh agus ní féidir leo measúnuithe a dhéanamh ach le haghaidh na ngníomhaíochtaí a bhaineann leis na cineálacha córas intleachta saorga lena mbaineann agus lena n-aghaidh sin amháin. Le liosta na gcód, na gcatagóirí agus na gcineálacha comhfhreagracha córas intleachta saorga, leagtar síos raon feidhme ainmniú na gcomhlachtaí um measúnú comhréireachta faoina dtugtar fógra faoi Airteagal 30.

2.    Liosta na gCód, na gcatagóirí, agus na gcineálacha comhfhreagracha córas intleachta saorga

a.    Córais intleachta saorga atá faoi réir Iarscríbhinn I



Cód AIA

 

AIP 0102

Córais intleachta saorga atá faoi réir phointe 2 de Roinn A d’Iarscríbhinn I.A.2

AIP 0103

Córais intleachta saorga atá faoi réir phointe 3 de Roinn A d’Iarscríbhinn I.A.3

AIP 0104

Córais intleachta saorga atá faoi réir phointe 4 de Roinn A d’Iarscríbhinn I.A.4

AIP 0105

Córais intleachta saorga atá faoi réir phointe 5 de Roinn A d’Iarscríbhinn I.A.5

AIP 0106

Córais intleachta saorga atá faoi réir phointe 6 de Roinn A d’Iarscríbhinn I.A.6

AIP 0107

Córais intleachta saorga atá faoi réir phointe 7 de Roinn A d’Iarscríbhinn I.A.7

AIP 0108

Córais intleachta saorga atá faoi réir phointe 8 de Roinn A d’Iarscríbhinn I.A.8

AIP 0109

Córais intleachta saorga atá faoi réir phointe 9 de Roinn A d’Iarscríbhinn I.A.9

AIP 0110

Córais intleachta saorga atá faoi réir phointe 10 de Roinn A d’Iarscríbhinn I.A.10

AIP 0111

Córais intleachta saorga atá faoi réir phointe 11 de Roinn A d’Iarscríbhinn I.A.11

AIP 0112

Córais intleachta saorga atá faoi réir phointe 12 de Roinn A d’Iarscríbhinn I.A.12

b.    Córais intleachta saorga atá faoi réir phointe 1 d’Iarscríbhinn III



Cód AIA

 

AIB 0201

Córais cian-sainaitheanta bithmhéadraí

AIB 0202

Córais intleachta saorga catagóirithe bhithmhéadraigh

AIB 0203

Córais intleachta saorga aitheanta mothúchán

3.    Cóid a bhaineann go sonrach le teicneolaíocht intleachta saorga

a.    Córais shiombalacha intleachta saorga agus saineolaithe



Cód AIA

 

AIH 0101

córais intleachta saorga atá bunaithe ar intleacht shaorga shiombalach, ar shainchórais agus ar chórais eolasbhunaithe, agus córais intleachta saorga atá bunaithe ar chuardach agus barrfheabhsú

b.    Meaisínfhoghlaim, gan intleacht shaorga ghiniúnach ná córais intleacht shaorga ilchuspóireacha a áireamh



Cód AIA

 

AIH 0201

córais intleachta saorga a phróiseálann sonraí struchtúrtha

AIH 0202

córais intleachta saorga a phróiseálann sonraí comharthaí agus fuaime

AIH 0203

córais intleachta saorga a phróiseálann sonraí téacs

AIH 0204

córais intleachta saorga a phróiseálann íomhá agus físeán

AIH 0205

córais intleachta saorga a fhoghlaimíonn óna dtimpeallacht, gan córais intleachta saorga arna gcumhdach faoi AIH 0401 a áireamh

c.    Córais intleachta saorga atá bunaithe ar shamhlacha intleacht shaorga ilchuspóireacha nó ar intleacht shaorga ghiniúnach



Cód AIA

 

AIH 0301

córais intleachta saorga giniúnaí, lena n-áirítear córais intleachta saorga atá bunaithe ar shamhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha

d.    Teicneolaíochtaí intleachta saorga éiritheacha



Cód AIA

 

AIH 0401

córais intleachta saorga atá bunaithe ar theicneolaíochtaí intleachta saorga eile éiritheacha nach gcumhdaítear le cóid eile, lena n-áirítear intleacht shaorga Ghníomhaíoch

4.    Iarratas ar ainmniú

Úsáidfidh comhlachtaí um measúnú comhréireachta na liostaí cód, catagóirí agus cineálacha comhfhreagracha córas intleachta saorga a leagtar amach san Iarscríbhinn seo agus na cineálacha córas intleachta saorga á sonrú acu san iarratas ar ainmniú dá dtagraítear in Airteagal 29.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas

Saincheisteanna nasctha