+Airteagal 9 Comhairliúcháin leis na geallsealbhóirí
---+Airteagal 9 1.
---+Airteagal 9 2.
|
Airteagal 9 Comhairliúcháin leis na geallsealbhóirí
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 9 1.
|
Agus bearta á n-ullmhú aige chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le geallsealbhóirí ábhartha agus cuirfidh sé i gcuntas tuairimí na ngeallsealbhóirí ábhartha, amhail údaráis ábhartha na mBallstát, gnóthais san earnáil phríobháideach, lena n-áirítear micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide, pobal na mbogearraí foinse oscailte, comhlachais tomhaltóirí, acadóirí, agus gníomhaireachtaí agus comhlachtaí ábhartha de chuid an Aontais chomh maith le grúpaí saineolaithe arna mbunú ar leibhéal an Aontais. Go háirithe, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis na geallsealbhóirí sin, ar bhealach struchtúrtha, i gcás inarb iomchuí, agus lorgóidh sé tuairimí na ngeallsealbhóirí sin le linn dó na nithe seo a leanas a dhéanamh:
(a)
an treoraíocht dá dtagraítear in Airteagal 26 a ullmhú;
(b)
tuairiscí teicniúla ar na catagóirí táirgí a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ullmhú i gcomhréir le hAirteagal 7(4), an gá atá le nuashonruithe féideartha ar liosta na gcatagóirí de tháirgí i gcomhréir le hAirteagal 7(3) agus le hAirteagal 8(2) a mheasúnú, nó an measúnú a dhéanamh ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ar an margadh dá dtagraítear in Airteagal 8(1), gan dochar d’Airteagal 61;
(c)
tabhairt faoi obair ullmhúcháin chun meastóireacht agus athbhreithniú a dhéanamh ar an Rialachán seo.
|
|
Airteagal 9 2.
|
Eagróidh an Coimisiún seisiúin thráthrialta comhairliúcháin agus faisnéise, uair sa bhliain ar a laghad, chun tuairimí na ngeallsealbhóirí dá dtagraítear i mír 1 a bhailiú maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|