+CAIBIDIL I FORÁLACHA GINEARÁLTA
---+Airteagal 1 Ábhar
---+Airteagal 2 Raon feidhme
------+Airteagal 2 1.
------+Airteagal 2 2.
------+Airteagal 2 3.
------+Airteagal 2 4.
------+Airteagal 2 5.
------+Airteagal 2 6.
------+Airteagal 2 7.
------+Airteagal 2 8.
---+Airteagal 3 Sainmhínithe
---+Airteagal 4 Saorghluaiseacht
------+Airteagal 4 1.
------+Airteagal 4 2.
------+Airteagal 4 3.
------+Airteagal 4 4.
---+Airteagal 5 Soláthar nó úsáid táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha
------+Airteagal 5 1.
------+Airteagal 5 2.
---+Airteagal 6 Ceanglais maidir le táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha
---+Airteagal 7 Táirgí tábhachtacha ag a bhfuil eilimintí digiteacha
------+Airteagal 7 1.
------+Airteagal 7 2.
------+Airteagal 7 3.
------+Airteagal 7 4.
---+Airteagal 8 Táirgí criticiúla ag a bhfuil eilimintí digiteacha
------+Airteagal 8 1.
------+Airteagal 8 2.
---+Airteagal 9 Comhairliúcháin leis na geallsealbhóirí
------+Airteagal 9 1.
------+Airteagal 9 2.
---+Airteagal 10 Scileanna a fheabhsú i dtimpeallacht dhigiteach chibear-athléimneach
---+Airteagal 11 Sábháilteacht ghinearálta táirgí
---+Airteagal 12 Córais intleachta saorga ardriosca
------+Airteagal 12 1.
------+Airteagal 12 2.
------+Airteagal 12 3.
------+Airteagal 12 4.

CAIBIDIL I FORÁLACHA GINEARÁLTA

CAIBIDIL I FORÁLACHA GINEARÁLTA

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 1 Ábhar

Airteagal 1

Ábhar

Leagtar síos leis an Rialachán seo:

(a) 

rialacha maidir le táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chur ar fáil ar an margadh chun cibearshlándáil na dtáirgí sin a áirithiú;

(b) 

ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha maidir le dearadh, forbairt agus táirgeadh táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, agus na hoibleagáidí atá ann d’oibreoirí eacnamaíocha i ndáil leis na táirgí sin i dtaca leis an gcibearshlándáil;

(c) 

ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha maidir leis na próisis láimhseála leochaileachtaí a chuireann monaróirí i bhfeidhm chun cibearshlándáil táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a áirithiú le linn an ama a mheastar go mbeidh na táirgí in úsáid, agus na hoibleagáidí atá ann d’oibreoirí eacnamaíocha i ndáil leis na próisis sin;

(d) 

rialacha maidir le faireachas margaidh, lena n-áirítear faireachán, agus forfheidhmiú na rialacha agus na gceanglas dá dtagraítear san Airteagal seo.

Airteagal 2 Raon feidhme -
Airteagal 3 Sainmhínithe

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1) 

ciallaíonn ‘táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha’ táirge bogearraí nó crua-earraí agus a réitigh cianphróiseála sonraí, lena n-áirítear comhpháirteanna bogearraí nó crua-earraí atá á gcur ar an margadh astu féin;

(2) 

ciallaíonn ‘cianphróiseáil sonraí’ próiseáil sonraí go cianda ar lena haghaidh a dhéanann an monaróir na bogearraí a dhearadh agus a fhorbairt, nó lena haghaidh a dhéantar iad a dhearadh agus a fhorbairt faoi fhreagracht an mhonaróra, i gcás ina gcuirfeadh easpa na próiseála sonraí sin cosc ar an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha ceann dá fheidhmeanna a dhéanamh;

(3) 

ciallaíonn ‘cibearshlándáil’ cibearshlándáil mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Rialachán (AE) 2019/881;

(4) 

ciallaíonn ‘bogearraí’ an chuid sin de chóras faisnéise leictreonach ina bhfuil cód ríomhaireachta;

(5) 

ciallaíonn ‘crua-earraí’ córas faisnéise leictreonach fisiceach, nó codanna de, atá in ann sonraí digiteacha a phróiseáil, a stóráil nó a tharchur;

(6) 

ciallaíonn ‘comhpháirt’ bogearraí nó crua-earraí atá beartaithe lena gcomhtháthú i gcóras faisnéise leictreonach;

(7) 

ciallaíonn ‘córas faisnéise leictreonach’ córas, lena n-áirítear trealamh leictreach nó leictreonach, atá in ann sonraí digiteacha a phróiseáil, a stóráil nó a tharchur;

(8) 

ciallaíonn ‘nasc loighciúil’ léiriú fíorúil ar nasc sonraí a chuirtear chun feidhme trí chomhéadan bogearraí;

(9) 

ciallaíonn ‘nasc fisiceach’ nasc idir córais faisnéise leictreonacha nó comhpháirteanna a chuirtear chun feidhme agus meáin fhisiceacha á n-úsáid, lena n-áirítear trí chomhéadain leictreacha, optúla nó mheicniúla, sreanga nó radathonnta;

(10) 

ciallaíonn ‘nasc indíreach’ nasc le gléas nó le líonra, nach dtarlaíonn go díreach, ach mar chuid de chóras níos mó atá in-nasctha go díreach leis an ngléas nó leis an líonra sin;

(11) 

ciallaíonn ‘críochphointe’ aon ghléas atá nasctha le líonra agus a fheidhmíonn mar phointe iontrála sa líonra sin;

(12) 

ciallaíonn ‘oibreoir eacnamaíoch’ an monaróir, an t-ionadaí údaraithe, an t-allmhaireoir, an dáileoir, nó duine nádúrtha nó dlítheanach eile atá faoi réir oibleagáidí i ndáil le táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a mhonarú nó táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chur ar fáil ar an margadh i gcomhréir leis an Rialachán seo;

(13) 

ciallaíonn ‘monaróir’ duine nádúrtha nó dlítheanach a fhorbraíonn nó a mhonaraíonn táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha nó a dhéanann socrú chun táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a dhearadh, a fhorbairt nó a mhonarú, agus a chuireann ar an margadh iad faoina ainm nó faoina thrádmharc, bíodh sin mar mhalairt ar íocaíocht, chun airgead a shaothrú nó saor in aisce;

(14) 

ciallaíonn ‘maor bogearraí foinse oscailte’ duine dlítheanach, seachas monaróir, a bhfuil sé de chríoch nó de chuspóir aige tacaíocht a sholáthar go córasach ar bhonn leanúnach chun táirgí sonracha ag a bhfuil eilimintí digiteacha a fhorbairt, ar táirgí iad a cháilíonn mar shaor-bhogearraí foinse oscailte agus atá beartaithe le haghaidh gníomhaíochtaí tráchtála, agus a áirithíonn inmharthanacht na dtáirgí sin;

(15) 

ciallaíonn ‘ionadaí údaraithe’ duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe laistigh den Aontas agus a bhfuil sainordú i scríbhinn faighte aige ó mhonaróir gníomhú thar a cheann maidir le cúraimí sonraithe;

(16) 

ciallaíonn ‘allmhaireoir’ duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe san Aontas agus a chuireann táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha ar an margadh, ar táirge é a bhfuil ainm nó trádmharc duine nádúrtha nó dhlítheanaigh atá bunaithe lasmuigh den Aontas air;

(17) 

ciallaíonn ‘dáileoir’ duine nádúrtha nó dlítheanach sa slabhra soláthair, seachas an monaróir nó an t-allmhaireoir, a chuireann táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha ar fáil ar mhargadh an Aontais gan difear a dhéanamh d’airíonna an táirge;

(18) 

ciallaíonn ‘tomhaltóir’ duine nádúrtha a ghníomhaíonn chun críoch nach mbaineann le trádáil, gnó, ceird nó gairm bheatha an duine sin;

(19) 

ciallaíonn ‘micrifhiontair’, ‘fiontair bheaga’ agus ‘fiontair mheánmhéide’, faoi seach, micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide mar a shainmhínítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh 2003/361/CE;

(20) 

ciallaíonn ‘tréimhse thacaíochta’ an tréimhse ar lena linn a cheanglaítear ar mhonaróir a áirithiú go ndéantar leochaileachtaí táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a láimhseáil go héifeachtach agus i gcomhréir leis na ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha a leagtar amach i gCuid II d’Iarscríbhinn I;

(21) 

ciallaíonn ‘cur ar an margadh’ an chéad uair a chuirtear táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha ar fáil ar mhargadh an Aontais;

(22) 

ciallaíonn ‘cur ar fáil ar an margadh’ soláthar táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha lena dháileadh nó lena úsáid ar mhargadh an Aontais le linn gníomhaíocht tráchtála, bíodh sin mar mhalairt ar íocaíocht nó saor in aisce;

(23) 

ciallaíonn ‘an chríoch a beartaíodh’ an úsáid a bheartaigh an monaróir le haghaidh táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, lena n-áirítear an comhthéacs sonrach agus na coinníollacha sonracha úsáide, mar a shonraítear san fhaisnéis arna soláthar ag an monaróir sna treoracha úsáide, sna hábhair agus ráitis fógraíochta nó díolacháin, agus sa doiciméadacht theicniúil;

(24) 

ciallaíonn ‘úsáid atá intuartha le réasún’ úsáid nach gá gurb í sin an chríoch a beartaíodh arna soláthar ag an monaróir sna treoracha úsáide, sna hábhair agus ráitis fógraíochta nó díolacháin, agus sa doiciméadacht theicniúil, ach úsáid ar dócha go n-eascróidh sí as iompraíocht an duine nó as oibríochtaí nó idirghníomhaíochtaí teicniúla atá intuartha le réasún;

(25) 

ciallaíonn ‘mí-úsáid atá intuartha le réasún’ úsáid táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha ar bhealach nach bhfuil i gcomhréir leis an gcríoch a beartaíodh dó, ach a d’fhéadfadh eascairt as iompraíocht an duine nó as idirghníomhaíocht le córais eile atá intuartha le réasún;

(26) 

ciallaíonn ‘údarás a thugann fógra’ an t-údarás náisiúnta atá freagrach as na nósanna imeachta is gá a chur ar bun agus a dhéanamh a mhéid a bhaineann le comhlachtaí um measúnú comhréireachta a mheasúnú, a ainmniú agus fógra a thabhairt fúthu, chomh maith le faireachán a dhéanamh orthu;

(27) 

ciallaíonn ‘measúnú comhréireachta’ an próiseas lena bhfíoraítear ar comhlíonadh na ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I;

(28) 

ciallaíonn ‘comhlacht um measúnú comhréireachta’ comhlacht um measúnú comhréireachta mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (13), de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008;

(29) 

ciallaíonn ‘comhlacht faoina dtugtar fógra’ comhlacht um measúnú comhréireachta arna ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 43 agus le reachtaíocht eile an Aontais um chomhchuibhiú;

(30) 

ciallaíonn ‘modhnú substaintiúil’ athrú ar an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha tar éis é a chur ar an margadh, arb athrú é a dhéanann difear don chaoi a gcomhlíonann an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha na ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha a leagtar amach i gCuid I d’Iarscríbhinn I, nó as a n-eascraíonn modhnú ar an gcríoch a beartaíodh don táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha ar ina leith atá measúnú déanta;

(31) 

ciallaíonn ‘marcáil CE’ marcáil lena dtugann monaróir le fios go bhfuil táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus na próisis arna gcur i bhfeidhm ag an monaróir i gcomhréir leis na ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I agus le reachtaíocht eile is infheidhme an Aontais um chomhchuibhiú lena bhforáiltear do ghreamú na marcála;

(32) 

ciallaíonn ‘reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú’ reachtaíocht an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1020 agus aon reachtaíocht eile de chuid an Aontais lena ndéantar na coinníollacha maidir le margú táirgí a bhfuil feidhm ag an Rialachán sin ina leith a chomhchuibhiú;

(33) 

ciallaíonn ‘údarás um fhaireachas margaidh’ údarás um fhaireachas margaidh mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (4), de Rialachán (AE) 2019/1020;

(34) 

ciallaíonn ‘caighdeán idirnáisiúnta’ caighdeán idirnáisiúnta mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1)(a), de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012;

(35) 

ciallaíonn ‘caighdeán Eorpach’ caighdeán Eorpach mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1)(b), de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012;

(36) 

ciallaíonn ‘caighdeán comhchuibhithe’ caighdeán comhchuibhithe mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1)(c), de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012;

(37) 

ciallaíonn ‘riosca cibearshlándála’ an poitéinseal atá ann go mbeadh teagmhas ina chúis le caillteanas nó le suaitheadh agus tá sé le sloinneadh mar theaglaim de mhéid an chaillteanais nó an tsuaite sin agus den dóchúlacht go dtarlóidh an teagmhas;

(38) 

ciallaíonn ‘riosca suntasach cibearshlándála’ riosca cibearshlándála ar féidir glacadh leis, bunaithe ar a shaintréithe teicniúla, gur mór an dóchúlacht go mbeidh teagmhas ann dá bharr a bhféadfadh tionchar an-diúltach a bheith mar thoradh air, lena n-áirítear caillteanas nó suaitheadh suntasach ábhartha nó neamhábhartha;

(39) 

ciallaíonn ‘liosta ábhar bogearraí’ taifead foirmiúil ina gcoinnítear na mionsonraí agus na gaolmhaireachtaí slabhra soláthair a bhaineann leis na comhpháirteanna a áirítear in eilimintí bogearraí táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha;

(40) 

ciallaíonn ‘leochaileacht’ laige, soghabháltacht nó fabht táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha is féidir a shaothrú le cibearbhagairt;

(41) 

ciallaíonn ‘leochaileacht insaothraithe’ leochaileacht a bhfuil an poitéinseal ann ina leith go n-úsáidfeadh namhaid go héifeachtach í faoi dhálaí oibríochtúla praiticiúla;

(42) 

ciallaíonn ‘leochaileacht a shaothraítear go gníomhach’ leochaileacht a bhfuil fianaise iontaofa ann ina leith go ndearna gníomhaí mailíseach í a shaothrú i gcóras gan cead ó úinéir an chórais;

(43) 

ciallaíonn ‘teagmhas’ teagmhas mar a shainmhínítear in Airteagal 6, pointe (6), de Threoir(AE) 2022/2555;

(44) 

ciallaíonn ‘teagmhas a bhfuil tionchar aige ar shlándáil an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha’ teagmhas a dhéanann difear diúltach, nó a d’fhéadfadh difear diúltach a dhéanamh, do chumas táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha infhaighteacht, barántúlacht, sláine nó rúndacht sonraí nó feidhmeanna a chosaint;

(45) 

ciallaíonn ‘neasteagmhas’ neasteagmhas mar a shainmhínítear in Airteagal 6, pointe (5), de Threoir (AE) 2022/2555;

(46) 

ciallaíonn ‘cibearbhagairt’ cibearbhagairt mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (8), de Rialachán (AE) 2019/881;

(47) 

ciallaíonn ‘sonraí pearsanta’ sonraí pearsanta mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (1), de Rialachán (AE) 2016/679;

(48) 

ciallaíonn ‘saor-bhogearraí foinse oscailte’ bogearraí a bhfuil a gcód foinseach comhroinnte go hoscailte agus a chuirtear ar fáil faoi shaorcheadúnas foinse oscailte lena bhforáiltear do gach ceart chun é a dhéanamh inrochtana go héasca, inúsáidte, inmhodhnaithe agus in-athdháilte;

(49) 

ciallaíonn ‘aisghairm’ aisghairm mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (22), de Rialachán (AE) 2019/1020;

(50) 

ciallaíonn ‘tarraingt siar’ tarraingt siar mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (23), de Rialachán (AE) 2019/1020;

(51) 

ciallaíonn ‘CSIRT atá ainmnithe mar chomhordaitheoir’ CSIRT atá ainmnithe mar chomhordaitheoir de bhun Airteagal 12(1) de Threoir (AE) 2022/2555.

Airteagal 4 Saorghluaiseacht -
Airteagal 5 Soláthar nó úsáid táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha -
Airteagal 6 Ceanglais maidir le táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha

Airteagal 6

Ceanglais maidir le táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha

Ní dhéanfar táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chur ar fáil ar an margadh ach amháin sna cásanna seo a leanas:

(a) 

comhlíonann siad na ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha a leagtar amach i gCuid I d’Iarscríbhinn I, ar choinníoll go ndéantar iad a shuiteáil, a chothabháil agus a úsáid i gceart chun na críche a beartaíodh dóibh nó go ndéantar iad a shuiteáil, a chothabháil agus a úsáid i gceart faoi dhálaí is féidir a thuar le réasún, agus, i gcás inarb infheidhme, go bhfuil na nuashonruithe slándála is gá suiteáilte; agus

(b) 

comhlíonann na próisis a chuireann an monaróir ar bun na ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha a leagtar amach i gCuid II d’Iarscríbhinn I.

Airteagal 7 Táirgí tábhachtacha ag a bhfuil eilimintí digiteacha -
Airteagal 8 Táirgí criticiúla ag a bhfuil eilimintí digiteacha -
Airteagal 9 Comhairliúcháin leis na geallsealbhóirí -
Airteagal 10 Scileanna a fheabhsú i dtimpeallacht dhigiteach chibear-athléimneach

Airteagal 10

Scileanna a fheabhsú i dtimpeallacht dhigiteach chibear-athléimneach

Chun críocha an Rialacháin seo agus chun freagairt do riachtanais gairmithe chun tacú le cur chun feidhme an Rialacháin seo, déanfaidh na Ballstáit, le tacaíocht ón gCoimisiún, ón Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Cibearshlándála agus ó ENISA, i gcás inarb iomchuí, agus freagracht na mBallstát i réimse an oideachais á hurramú go hiomlán acu, bearta agus straitéisí a chur chun cinn arb é is aidhm leo:

(a) 

scileanna cibearshlándála a fhorbairt agus uirlisí eagraíochtúla agus teicneolaíocha a chruthú chun a áirithiú go mbeidh fáil leordhóthanach ar ghairmithe oilte chun tacú le gníomhaíochtaí na n-údarás um fhaireachas margaidh agus na gcomhlachtaí um measúnú comhréireachta;

(b) 

comhar a mhéadú idir an earnáil phríobháideach, oibreoirí eacnamaíocha, lena n-áirítear trí athsciliú nó uas-sciliú fostaithe monaróirí, tomhaltóirí, soláthraithe oiliúna chomh maith le riaracháin phoiblí, agus ar an gcaoi sin na roghanna a leathnú do dhaoine óga chun rochtain a fháil ar phoist in earnáil na cibearshlándála.

Airteagal 11 Sábháilteacht ghinearálta táirgí

Airteagal 11

Sábháilteacht ghinearálta táirgí

De mhaolú ar Airteagal 2(1), an tríú fomhír, pointe (b), de Rialachán (AE) 2023/988, beidh feidhm ag Caibidil III, Roinn 1, Caibidlí V agus VII, agus Caibidlí IX go XI den Rialachán sin maidir le táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha i ndáil le gnéithe agus rioscaí nó catagóirí rioscaí nach gcumhdaítear leis an Rialachán seo i gcás nach bhfuil na táirgí sin faoi réir ceanglais shonracha sábháilteachta a leagtar síos i ‘reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú’ eile mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (27), de Rialachán (AE) 2023/988.

Airteagal 12 Córais intleachta saorga ardriosca -

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas

Saincheisteanna nasctha