+Airteagal 28 Dearbhú comhréireachta de chuid AE
---+Airteagal 28 1.
---+Airteagal 28 2.
---+Airteagal 28 3.
---+Airteagal 28 4.
---+Airteagal 28 5.

Airteagal 28 Dearbhú comhréireachta de chuid AE

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 28 1.
Déanfaidh na monaróirí dearbhú comhréireachta AE a dhréachtú i gcomhréir le hAirteagal 13(12) agus luafar ann gur léiríodh gur comhlíonadh na ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha is infheidhme a leagtar amach in Iarscríbhinn I.
Airteagal 28 2.
Is é struchtúr na samhla a leagtar amach in Iarscríbhinn V a bheidh ag dearbhú comhréireachta AE agus áireofar ann na gnéithe a shonraítear sna nósanna imeachta ábhartha um measúnú comhréireachta a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII. Déanfar dearbhú den chineál sin a thabhairt cothrom le dáta de réir mar is iomchuí. Cuirfear ar fáil é sna teangacha a cheanglaíonn an Ballstát ina gcuirtear an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha ar an margadh nó ina gcuirtear ar fáil ar an margadh é.

Is é struchtúr na samhla a leagtar amach in Iarscríbhinn VI a bheidh ag an leagan simplithe de dhearbhú comhréireachta AE dá dtagraítear in Airteagal 13(20). Cuirfear ar fáil é sna teangacha a cheanglaíonn an Ballstát ina gcuirtear an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha ar an margadh nó ina gcuirtear ar fáil ar an margadh é.

Airteagal 28 3.
I gcás ina bhfuil táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha faoi réir níos mó ná gníomh dlí amháin de chuid an Aontais lena gceanglaítear dearbhú comhréireachta de chuid AE, déanfar dearbhú comhréireachta aonair de chuid AE a dhréachtú i leith gach gnímh dlí de chuid an Aontais den chineál sin. Beidh sainaithint na ngníomhartha dlí de chuid an Aontais lena mbaineann sa dearbhú, lena n-áirítear a dtagairtí foilseacháin.
Airteagal 28 4.
Trí dhearbhú comhréireachta AE a dhréachtú, gabhfaidh an monaróir freagracht air féin as comhlíontacht an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha.
Airteagal 28 5.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 61 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí eilimintí a chur le hábhar íosta dhearbhú comhréireachta AE a leagtar amach in Iarscríbhinn V chun forbairtí teicneolaíochta a chur i gcuntas.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas