+Airteagal 36 Na húdaráis a thugann fógra
---+Airteagal 36 1.
---+Airteagal 36 2.
---+Airteagal 36 3.
---+Airteagal 36 4.

Airteagal 36 Na húdaráis a thugann fógra

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 36 1.
Ainmneoidh gach Ballstát údarás a thugann fógra, ar údarás é a bheidh freagrach as na nósanna imeachta is gá a chur ar bun agus a chur i gcrích chun measúnú a dhéanamh ar chomhlachtaí um measúnú comhréireachta, chun iad a ainmniú agus chun fógra a thabhairt ina leith, agus as faireachán a dhéanamh orthu, lena n-áirítear Airteagal 41 a chomhlíonadh.
Airteagal 36 2.
Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh gur comhlacht náisiúnta creidiúnúcháin a dhéanfaidh an measúnú agus an faireachán dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, de réir bhrí Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 agus i gcomhréir leis.
Airteagal 36 3.
I gcás ina ndéanann an t-údarás a thugann fógra an measúnú, an fógra nó an faireachán dá dtagraítear i mír 1 a tharmligean chuig comhlacht nach eintiteas rialtais é nó a chur ar iontaoibh an chomhlachta sin, beidh an comhlacht sin ina eintiteas dlítheanach agus comhlíonfaidh sé, mutatis mutandis, na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 37. Sa bhreis air sin, beidh socruithe i bhfeidhm aige chun dliteanais a eascraíonn as a ghníomhaíochtaí a chumhdach.
Airteagal 36 4.
Glacfaidh an t-údarás a thugann fógra lánfhreagracht as na cúraimí arna bhfeidhmiú ag an gcomhlacht dá dtagraítear i mír 3.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas