+Airteagal 45 Athruithe ar na fógraí
---+Airteagal 45 1.
---+Airteagal 45 2.
|
Airteagal 45 Athruithe ar na fógraí
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 45 1.
|
I gcás inar fhionn údarás a thugann fógra, nó inar cuireadh in iúl dó, nach bhfuil na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 39 á gcomhlíonadh ag comhlacht faoina dtugtar fógra a thuilleadh, nó go bhfuil sé ag mainneachtain a oibleagáidí a chomhlíonadh, déanfaidh an comhlacht a thugann fógra an fógra a shrianadh, a fhionraí nó a tharraingt siar, de réir mar is iomchuí, ag brath ar a thromchúisí atá an mhainneachtain i leith na ceanglais nó na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh. Cuirfidh sé an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas láithreach dá réir sin.
|
|
Airteagal 45 2.
|
I gcás ina ndéantar fógra a shrianadh, a fhionraí nó a tharraingt siar, nó i gcás ina bhfuil an comhlacht faoina dtugtar fógra tar éis scor dá ghníomhaíochtaí, déanfaidh an Ballstát a thugann fógra bearta iomchuí chun a áirithiú go ndéanfaidh comhlacht eile faoina dtugtar fógra comhaid an chomhlachta sin a phróiseáil, nó go gcoinneofar ar fáil iad do na húdaráis atá freagrach as fógra a thabhairt agus do na húdaráis fhreagracha um fhaireachas margaidh, arna iarraidh sin dóibh.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|