+Airteagal 54 Nós imeachta ar an leibhéal náisiúnta maidir le táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus a bhfuil riosca suntasach cibearshlándála ag baint leo
---+Airteagal 54 1.
---+Airteagal 54 2.
---+Airteagal 54 3.
---+Airteagal 54 4.
---+Airteagal 54 5.
---+Airteagal 54 6.
---+Airteagal 54 7.
---+Airteagal 54 8.
---+Airteagal 54 9.
|
Airteagal 54 Nós imeachta ar an leibhéal náisiúnta maidir le táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus a bhfuil riosca suntasach cibearshlándála ag baint leo
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 54 1.
|
I gcás ina bhfuil cúis leormhaith ag údarás um fhaireachas margaidh Ballstáit chun a mheas go bhfuil riosca suntasach cibearshlándála ag baint le táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, lena n-áirítear láimhseáil leochaileachtaí an táirge, déanfaidh sé gan moill mhíchuí, agus, i gcás inarb iomchuí i gcomhar leis an CSIRT ábhartha, meastóireacht ar an táirge lena mbaineann ag a bhfuil eilimintí digiteacha i leith na ceanglais uile a leagtar síos sa Rialachán seo a bheith á gcomhlíonadh aige. Comhoibreoidh na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha leis an údarás um fhaireachas margaidh de réir mar is gá. I gcás, agus an mheastóireacht sin á déanamh, ina bhfionnann an t-údarás um fhaireachas margaidh nach bhfuil na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo á gcomhlíonadh ag an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, cuirfidh sé de cheangal ar an oibreoir eacnamaíoch ábhartha gan mhoill gach beart ceartaitheach iomchuí a dhéanamh chun an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a thabhairt i gcomhréir leis na ceanglais sin, é a tharraingt siar ón margadh nó é a aisghairm laistigh de thréimhse réasúnta, i gcomhréir leis an gcineál riosca cibearshlándála, de réir mar a fhéadfaidh an t-údarás um fhaireachas margaidh a fhorordú. Cuirfidh an t-údarás um fhaireachas margaidh an comhlacht ábhartha faoina dtugtar fógra ar an eolas dá réir sin. Beidh feidhm ag Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2019/1020 i leith na ngníomhaíochtaí ceartaitheacha.
|
|
Airteagal 54 2.
|
Agus an tábhacht a bhaineann le riosca cibearshlándála dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo á cinneadh, déanfaidh na húdaráis um fhaireachas margaidh tosca neamhtheicniúla riosca a mheas freisin, go háirithe iad siúd a bhunaítear mar thoradh ar mheasúnuithe comhordaithe riosca slándála ar shlabhraí soláthair criticiúla ar leibhéal an Aontais arna ndéanamh i gcomhréir le hAirteagal 22 de Threoir (AE) 2022/2555. I gcás ina bhfuil cúis leormhaith ag údarás um fhaireachas margaidh lena mheas go bhfuil riosca suntasach cibearshlándála ag baint le táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha i bhfianaise tosca neamhtheicniúla riosca, cuirfidh sé na húdaráis inniúla a ainmnítear nó a bhunaítear de bhun Airteagal 8 de Threoir (AE) 2022/2555 ar an eolas agus oibreoidh sé i gcomhar leis na húdaráis sin de réir mar is gá.
|
|
Airteagal 54 3.
|
I gcás ina measann an t-údarás um fhaireachas margaidh nach bhfuil an neamhchomhlíonadh srianta dá chríoch náisiúnta, cuirfidh sé an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas faoi thorthaí na meastóireachta agus faoi na gníomhaíochtaí a chuir sé de cheangal ar an oibreoir eacnamaíoch a chur i gcrích.
|
|
Airteagal 54 4.
|
Áiritheoidh an t-oibreoir eacnamaíoch go ndéanfar gach beart ceartaitheach iomchuí i leith na dtáirgí uile lena mbaineann ag a bhfuil eilimintí digiteacha atá curtha ar fáil ar an margadh ar fud an Aontais aige.
|
|
Airteagal 54 5.
|
I gcás nach ndéanann an t-oibreoir eacnamaíoch beart ceartaitheach leormhaith laistigh den tréimhse dá dtagraítear i mír 1, an dara fomhír, déanfaidh na húdaráis um fhaireachas margaidh gach beart sealadach iomchuí chun toirmeasc nó srian a chur ar an táirge sin ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chur ar fáil ar a mhargadh náisiúnta, an táirge a tharraingt siar ón margadh nó é a aisghairm. Tabharfaidh an t-údarás sin fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile, gan aon mhoill mhíchuí, faoi na bearta sin.
|
|
Airteagal 54 6.
|
San fhaisnéis dá dtagraítear i mír 5, beidh na mionsonraí uile atá ar fáil, go háirithe na sonraí is gá chun táirge neamhchomhlíontach ag a bhfuil eilimintí digiteacha a shainaithint, chomh maith le háit tionscnaimh an táirge sin ag a bhfuil eilimintí digiteacha, cineál an neamhchomhlíonta a líomhnaítear agus an riosca a bhaineann leis, cineál agus fad tréimhse na mbeart náisiúnta atá déanta agus na hargóintí a rinne an t-oibreoir eacnamaíoch ábhartha. Tabharfaidh an t-údarás um fhaireachas margaidh le fios go háirithe cé acu an ceann amháin nó níos mó na sin de na nithe seo a leanas is cúis leis an neamhchomhlíonadh nó nach ea:
(a)
mainneachtain an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha nó na bpróiseas arna gcur i bhfeidhm ag an monaróir na ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a chomhlíonadh;
(b)
easnaimh sna caighdeáin chomhchuibhithe, sna scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála nó sna sonraíochtaí coiteanna, dá dtagraítear in Airteagal 27.
|
|
Airteagal 54 7.
|
Déanfaidh údaráis um fhaireachas margaidh na mBallstát cé is moite d’údarás um fhaireachas margaidh an Bhallstáit atá ag tionscnamh an nós imeachta, an Coimisiún agus na Ballstáit eile a chur ar an eolas gan mhoill faoi aon bheart arna ghlacadh agus faoi aon fhaisnéis bhreise atá acu a bhaineann le neamhchomhlíontacht an táirge lena mbaineann ag a bhfuil eilimintí digiteacha, agus, i gcás easaontú leis an mbeart náisiúnta faoina dtugtar fógra, faoina n-agóidí.
|
|
Airteagal 54 8.
|
I gcás, laistigh de 3 mhí tar éis dóibh an fógra dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo a fháil, nach bhfuil aon agóid déanta ag Ballstát ná ag an gCoimisiún i leith beart sealadach atá déanta ag Ballstát, measfar go bhfuil údar cuí leis an mbeart sin. Tá an méid sin gan dochar do chearta nós imeachta an oibreora eacnamaíoch lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) 2019/1020.
|
|
Airteagal 54 9.
|
Áiritheoidh údaráis um fhaireachas margaidh na mBallstát uile go ndéantar bearta sriantacha iomchuí i leith an táirge lena mbaineann ag a bhfuil eilimintí digiteacha, amhail an táirge sin a tharraingt siar óna margadh, gan mhoill.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|