+Airteagal 56 Nós imeachta ar leibhéal an Aontais maidir le táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus a bhfuil riosca suntasach cibearshlándála ag baint leo
---+Airteagal 56 1.
---+Airteagal 56 2.
---+Airteagal 56 3.
---+Airteagal 56 4.
---+Airteagal 56 5.
---+Airteagal 56 6.
---+Airteagal 56 7.
|
Airteagal 56 Nós imeachta ar leibhéal an Aontais maidir le táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus a bhfuil riosca suntasach cibearshlándála ag baint leo
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 56 1.
|
I gcás ina bhfuil cúis leormhaith ag an gCoimisiún chun a mheas, lena n-áirítear bunaithe ar fhaisnéis arna soláthar ag ENISA, nach gcomhlíonann táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha lena mbaineann riosca suntasach cibearshlándála na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo, cuirfidh sé na húdaráis ábhartha um fhaireachas margaidh ar an eolas faoi sin. I gcás ina ndéanfaidh na húdaráis um fhaireachas margaidh meastóireacht ar an táirge sin ag a bhfuil eilimintí digiteacha a d’fhéadfadh a bheith ina riosca suntasach cibearshlándála i leith chomhlíonadh na gceanglas a leagtar síos sa Rialachán seo, beidh feidhm ag na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagail 54 agus 55.
|
|
Airteagal 56 2.
|
I gcás ina bhfuil cúis leordhóthanach ag an gCoimisiún lena mheas go bhfuil riosca suntasach cibearshlándála ag baint le táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha i bhfianaise tosca neamhtheicniúla riosca, déanfaidh sé na húdaráis ábhartha um fhaireachas margaidh agus, i gcás inarb iomchuí, na húdaráis inniúla a ainmnítear nó a bhunaítear de bhun Airteagal 8 de Threoir (AE) 2022/2555, a chur ar an eolas agus oibreoidh sé i gcomhar leis na húdaráis sin de réir mar is gá. Déanfaidh an Coimisiún freisin ábharthacht na rioscaí sainaitheanta i gcás an táirge sin ag a bhfuil eilimintí digiteacha a mheas i bhfianaise a chúraimí maidir le measúnuithe comhordaithe riosca slándála ar shlabhraí soláthair criticiúla ar leibhéal an Aontais dá bhforáiltear in Airteagal 22 de Threoir (AE) 2022/2555, agus rachaidh sé i gcomhairle, de réir mar is gá, leis an nGrúpa Comhair arna bhunú de bhun Airteagal 14 de Threoir (AE) 2022/2555 agus le ENISA.
|
|
Airteagal 56 3.
|
In imthosca a thugann údar cuí le hidirghabháil láithreach a dhéanamh chun feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh a chaomhnú agus i gcás ina bhfuil cúis leormhaith ag an gCoimisiún chun a mheas go bhfuil na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo fós gan comhlíonadh ag an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha dá dtagraítear i mír 1 agus nach bhfuil aon bheart éifeachtach déanta ag na húdaráis ábhartha um fhaireachas margaidh, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar chomhlíonadh a chur i gcrích agus féadfaidh sé a iarraidh ar ENISA anailís a sholáthar chun tacú leis. Cuirfidh an Coimisiún na húdaráis ábhartha um fhaireachas margaidh ar an eolas dá réir sin. Comhoibreoidh na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha le ENISA de réir mar is gá.
|
|
Airteagal 56 4.
|
Bunaithe ar an meastóireacht dá dtagraítear i mír 3, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh go bhfuil gá le beart ceartaitheach nó sriantach ar leibhéal an Aontais. Chuige sin, rachaidh sé i gcomhairle gan mhoill leis na Ballstáit lena mbaineann agus leis an oibreoir eacnamaíoch ábhartha nó leis na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha.
|
|
Airteagal 56 5.
|
Ar bhonn an chomhairliúcháin dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun foráil do bhearta ceartaitheacha nó sriantacha ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear a cheangal go ndéantar na táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha lena mbaineann a tharraingt siar ón margadh nó a aisghairm, laistigh de thréimhse réasúnta, i gcomhréir le cineál an riosca. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 62(2).
|
|
Airteagal 56 6.
|
Cuirfidh an Coimisiún na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 5 in iúl láithreach don oibreoir eacnamaíoch ábhartha nó do na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha. Déanfaidh na Ballstáit na gníomhartha cur chun feidhme sin a chur chun feidhme gan mhoill agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas dá réir sin.
|
|
Airteagal 56 7.
|
Beidh feidhm ag míreanna 3 go 6 ar feadh thréimhse na staide eisceachtúla a thug údar cuí le hidirghabháil an Choimisiúin, ar choinníoll nach dtugtar an táirge lena mbaineann ag a bhfuil eilimintí digiteacha i gcomhréir leis an Rialachán seo.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|