+Airteagal 27 Trédhearcacht córas moltaí
---+Airteagal 27 1
---+Airteagal 27 2
---+Airteagal 27 3

Airteagal 27 Trédhearcacht córas moltaí

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 27 1

1.   Déanfaidh soláthraithe ardán an-mhór ar líne a úsáideann córais moltaí, a leagan amach ina dtéarmaí agus coinníollacha, i bhfriotal simplí agus intuigthe, na príomhpharaiméadair a úsáidtear ina gcórais moltaí, mar aon le haon roghanna atá ann d’fhaighteoirí na seirbhíse chun na príomhpharaiméadair sin a leasú nó tionchar a imirt orthu.

Airteagal 27 2

2.   Míneofar sna príomhpharaiméadair dá dtagraítear i mír 1 an fáth a moltar faisnéis áirithe d’fhaighteoir na seirbhíse. Beidh na nithe seo a leanas ar a laghad iontu:

(a)

na critéir is suntasaí i dtaca le cinneadh a dhéanamh maidir leis an bhfaisnéis a mholtar d’fhaighteoir na seirbhíse;

(b)

na cúiseanna le tábhacht choibhneasta na bparaiméadar sin;

Airteagal 27 3

3.   I gcás ina bhfuil roinnt roghanna ar fáil de bhun mhír 1 le haghaidh córais moltaí lena gcinntear ord coibhneasta na faisnéise arna cur i láthair d’fhaighteoirí na seirbhíse, cuirfidh soláthraithe ardán ar líne feidhmiúlacht ar fáil a ligeann d’fhaighteoir na seirbhíse a rogha thosaíochta a roghnú agus a mhodhnú tráth ar bith. Beidh rochtain dhíreach éasca ar an bhfeidhmiúlacht sin ón roinn shonrach de chomhéadan ar líne an ardáin ar líne ina gcuirtear an fhaisnéis in ord tosaíochta.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas