+Airteagal 7 Maolú ar chur chun feidhme ceanglas stuamachta ar bhonn aonair
---+Airteagal 7 1.
---+Airteagal 7 2.
---+Airteagal 7 3.

Airteagal 7 Maolú ar chur chun feidhme ceanglas stuamachta ar bhonn aonair

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 7 1.

Féadfaidh na húdaráis inniúla cur chun feidhme Airteagal 6(1) a tharscaoileadh i leith aon fhochuideachta de chuid institiúide, i gcás ina bhfuil an fhochuideachta agus an institiúid faoi réir údarú agus maoirseachta an Bhallstáit lena mbaineann, agus i gcás ina bhfuil an fhochuideachta ar áireamh sa mhaoirseacht ar bhonn comhdhlúite ar an institiúid arb í an mháthairghnóthas í, agus i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas go léir, d'fhonn a áirithiú go ndáiltear cistí dílse go leordhóthanach idir an máthairghnóthas agus na fochuideachtaí:

(a) 

ní ann d'aon bhac dlíthiúil, praiticiúil ná ábharach, ná súil le bac den sórt sin, leis an máthairghnóthas cistí dílse a aistriú agus dliteanais a aisíoc go pras;

(b) 

sásaíonn an máthairghnóthas an t-údarás inniúil maidir le bainistíocht stuama na fochuideachta agus tá sé fógartha aige, le cead ón údarás inniúil, go ráthaíonn sé na gealltanais arna ndéanamh ag an bhfochuideachta, nó neachtar acu tá priacail an fhochuideachta diomaibhseach;

(c) 

cuimsíonn nósanna imeachta rialaithe, tomhais agus meastóireachta ►C9  riosca ◄ na máthairchuideachta an fhochuideachta freisin;

(d) 

tá os cionn 50 % de na cearta vótála a bhaineann le scaireanna i gcaipiteal na fochuideachta i seilbh na máthairchuideachta nó neachtar acu tá sé de cheart ag an máthairchuideachta formhór bhaill de chomhlacht bainistíochta na fochuideachta a cheapadh nó a chur as oifig.

Airteagal 7 2.
Féadfaidh údaráis inniúla an rogha dá bhforáiltear i mír 1 a fheidhmiú i gcás ina bhfuil an mháthairchuideachta ina cuideachta shealbhaíochta airgeadais nó ina cuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha arna bunú in aon Bhallstát leis an institiúid, ar an gcoinníoll go bhfuil sí faoi réir na maoirseachta céanna a fheidhmítear maidir le hinstitiúidí, na caighdeáin atá leagtha síos in Airteagal 11(1) go háirithe.
Airteagal 7 3.

Féadfaidh na húdaráis inniúla cur chun feidhme Airteagal 6(1) a tharscaoileadh maidir le máthairinstitiúid i mBallstát, i gcás go bhfuil an institiúid sin faoi réir údarú agus maoirseachta an Bhallstáit lena mbaineann, go bhfuil sí cuimsithe faoin maoirseacht ar bhonn comhdhlúite, agus go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas, d'fhonn a áirithiú go ndáiltear na cistí dílse go leormhaith ar an máthairchuideachta agus ar na fochuideachtaí:

(a) 

ní ann d'aon bhac dlíthiúil, praiticiúil ná ábharach, ná súil le bac den sórt sin, leis an máthairinstitiúid i mBallstát cistí dílse a aistriú agus dliteanais a aisíoc go pras;

(b) 

cuimsítear an mháthairinstitiúid i mBallstát leis na nósanna imeachta rialaithe, tomhais agus meastóireachta ►C9  riosca ◄ atá ábhartha don mhaoirseacht chomhdhlúite;

An t-údarás inniúil a bhaineann úsáid as an mír seo, cuirfidh sé údaráis inniúla na mBallstát eile go léir ar an eolas ina leith.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas