|
+Airteagal 7 3. |
Airteagal 7 3.Féadfaidh na húdaráis inniúla cur chun feidhme Airteagal 6(1) a tharscaoileadh maidir le máthairinstitiúid i mBallstát, i gcás go bhfuil an institiúid sin faoi réir údarú agus maoirseachta an Bhallstáit lena mbaineann, go bhfuil sí cuimsithe faoin maoirseacht ar bhonn comhdhlúite, agus go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas, d'fhonn a áirithiú go ndáiltear na cistí dílse go leormhaith ar an máthairchuideachta agus ar na fochuideachtaí:
(a)
ní ann d'aon bhac dlíthiúil, praiticiúil ná ábharach, ná súil le bac den sórt sin, leis an máthairinstitiúid i mBallstát cistí dílse a aistriú agus dliteanais a aisíoc go pras;
(b)
cuimsítear an mháthairinstitiúid i mBallstát leis na nósanna imeachta rialaithe, tomhais agus meastóireachta ►C9 riosca ◄ atá ábhartha don mhaoirseacht chomhdhlúite; An t-údarás inniúil a bhaineann úsáid as an mír seo, cuirfidh sé údaráis inniúla na mBallstát eile go léir ar an eolas ina leith. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|