+Airteagal 9 An modh comhdhlúthaithe aonair
---+Airteagal 9 1.
---+Airteagal 9 2.
---+Airteagal 9 3.

Airteagal 9 An modh comhdhlúthaithe aonair

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 9 1.
Faoi réir mhír 2 agus mhír 3 den Airteagal seo agus Airteagal 144(3) de Threoir (AE)201336, féadfaidh na húdaráis inniúla cead a thabhairt do mháthairinstitiúidí, ag meas gach cás ar a fhiúntas féin, fochuideachtaí a chomhlíonann na coinníollacha atá leagtha síos i bpointí (c) agus (d) d'Airteagal 7(1) a ionchorprú i ríomh a gceanglas faoi Airteagal 6(1), i gcás gur leis an mháthairinstitiúid sin aon ►C9  neamhchosaintí ◄ nó dliteanais ábharacha.
Airteagal 9 2.
Ní cheadófar an láimhseáil a leagtar amach i mír 1 ach amháin i gcás ina léiríonn an mháthairinstitiúid go hiomlán do na húdaráis inniúla na dálaí agus na socruithe, lena n-áirítear socruithe dlí, a fhágann nach bhfuil aon bhac praiticiúil ná dlíthiúil ábharach ann, agus nach bhfuil súil le bac den chineál sin, maidir le haistriú pras chistí dílse, ná aisíoc dliteanas nuair atá siad dlite ón bhfochuideachta chuig a mháthairchuideachta.
Airteagal 9 3.
I gcás ina bhfeidhmíonn údarás inniúil an discréid atá leagtha síos i mír 1, cuirfidh sé údaráis inniúla gach Ballstát eile ar an eolas ar bhonn rialta agus uair amháin sa bhliain ar a laghad, maidir le húsáid mhír 1 agus maidir leis na dálaí agus na socruithe dá dtagraítear i mír 2. I gcás ina bhfuil an fhochuideachta i dtríú tír, cuirfidh na húdaráis inniúla an fhaisnéis chéanna ar fáil d'údaráis inniúla na tríú tíre sin freisin.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas