+Airteagal 11 Láimhseáil ghinearálta
---+Airteagal 11 1.
---+Airteagal 11 2.
---+Airteagal 11 3a.
---+Airteagal 11 4.
---+Airteagal 11 5.
---+Airteagal 11 6.
|
Airteagal 11 Láimhseáil ghinearálta
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 11 1.
|
Comhlíonfaidh máthairinstitiúidí i mBallstát, a mhéid agus ar an modh a leagtar amach in Airteagal 18, na hoibleagáidí a leagtar síos i gCodanna a Dó, a Trí, a Ceathair, a Seacht agus a Seacht A ar bhonn a gcáis chomhdhlúite, cé is moite de phointe (d) d'Airteagal 430(1). Bunóidh na máthairghnóthais agus a bhfochuideachtaí atá faoi réir an Rialacháin seo struchtúr eagraíochtúil iomchuí agus sásraí rialaithe inmheánaigh is iomchuí chun a áirithiú go ndéanfar na sonraí is gá chun an comhdhlúthú a phróiseáil go hiomchuí agus a chur ar aghaidh. Go háirithe, áiritheoidh siad go ndéanfaidh na fochuideachtaí sin nach bhfuil faoi réir an Rialacháin seo socruithe, próisis agus sásraí a chur chun feidhme chun comhdhlúthú iomchuí a áirithiú.
|
|
Airteagal 11 2.
|
Chun a áirithiú go gcuirfear ceanglais an Rialacháin seo i bhfeidhm ar bhonn comhdhlúite, déanfaidh na téarmaí “institiúid”, “máthairinstitiúid i mBallstát”, “máthairinstitiúid AE” agus “máthairghnóthas”, de réir an cháis, tagairt freisin don mhéid a leanas:
(a)
cuideachta shealbhaíochta airgeadais nó cuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha arna formheas i gcomhréir le hAirteagal 21a de Threoir 2013/36/AE;
(b)
institiúid ainmnithe a rialaíonn máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais nó máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha i gcás nach mbíonn an mháthairchuideachta sin faoi réir formheasa i gcomhréir le hAirteagal 21a(4) de Threoir 2013/36/AE;
(c)
cuideachta shealbhaíochta airgeadais, cuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha nó institiúid a ainmnítear i gcomhréir le pointe (d) d'Airteagal 21a(6) de Threoir 2013/36/AE.
Is é cás comhdhlúite na máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais nó na máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha nach mbíonn faoi réir formheasa i gcomhréir le hAirteagal 21a(4) de Threoir 2013/36/AE a bheidh i gcás comhdhlúite gnóthais dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír den mhír seo. Is é cás comhdhlúite na máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais nó na máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha a bheidh i gcás comhdhlúite gnóthais dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír den mhír seo.
|
|
Airteagal 11 3a.
|
De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, is máthairinstitiúidí a sainaithníodh mar eintitis réitigh ar eintitis G-SII iad agus iad sin amháin a chomhlíonfaidh Airteagal 92a den Rialachán seo ar bhonn comhdhlúite, a mhéid agus ar an modh a leagtar amach in Airteagal 18 den Rialachán seo. Is máthairghnóthais de chuid an Aontais Eorpaigh ar fochuideachta iad de G-SII neamh-AE agus nach eintitis réitigh iad, agus iadsan amháin, a chomhlíonfaidh Airteagal 92b den Rialachán seo ar bhonn comhdhlúite a mhéid agus ar an modh a leagtar amach in Airteagal 18 den Rialachán seo. I gcás ina mbeidh feidhm ag Airteagal 21b(2) de Threoir 2013/36/AE, comhlíonfaidh an dá mháthairghnóthas idirmheánacha AE faoi seach, ar sainaithníodh go comhpháirteach iad mar fhochuideachta ábhartha, Airteagal 92b den Rialachán seo ar bhonn a gcáis chomhdhlúite.
|
|
Airteagal 11 4.
|
Comhlíonfaidh máthairinstitiúidí AE Cuid a Sé agus pointe (d) d'Airteagal 430(1) den Rialachán seo ar bhonn a staide comhdhlúite i gcás ina bhfuil institiúid creidmheasa nó gnólacht infheistíochta amháin nó níos mó sa ghrúpa atá údaraithe na seirbhísí agus na gníomhaíochtaí infheistíochta a liostaítear i bpointí (3) agus (6) de Roinn A d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE a sholáthar.
I gcás inar tugadh tarscaoileadh faoi Airteagal 8(1) go (5), déanfaidh na hinstitiúidí agus, i gcás inarb infheidhme, na cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais nó na cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha, ar cuid d'fhoghrúpa leachtachta iad, Cuid a Sé agus pointe (d) d'Airteagal 430(1) den Rialachán seo a chomhlíonadh ar bhonn comhdhlúite nó ar bhonn fo‐chomhdhlúite an fhoghrúpa leachtachta.
|
|
Airteagal 11 5.
|
I gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal 10 den Rialachán seo, comhlíonfaidh an comhlacht lárnach dá dtagraítear san Airteagal sin ceanglais Chuid a Dó go Cuid a hOcht den Rialachán seo agus Chaibidil 2 de Rialachán (AE) 2017/2402 ar bhonn chás comhdhlúite an iomláin arb éard atá ann an comhlacht lárnach i dteannta a institiúidí cleamhnaithe.
|
|
Airteagal 11 6.
|
De bhreis ar na ceanglais a leagtar síos i míreanna 1 go 5 den Airteagal seo, agus gan dochar d'fhorálacha eile an Rialacháin seo agus Threoir 2013/36/AE nuair a bheidh bonn cirt ann chun críocha maoirseachta de bharr shonraíochtaí
►C12
riosca ◄ nó struchtúr caipitil institiúide, nó i gcás ina nglacfaidh na Ballstáit dlíthe náisiúnta lena gceanglófar go ndéanfar gníomhaíochtaí laistigh de ghrúpa baincéireachta a scaradh go struchtúrach, féadfaidh na húdaráis inniúla a cheangal ar institiúid na hoibleagáidí a leagtar síos i gCodanna a Dó go dtí a hOcht den Rialachán seo agus i dTeideal VII de Threoir 2013/36/AE a chomhlíonadh ar bhonn fo-chomhdhlúite. Beidh cur i bhfeidhm an chur chuige a leagtar amach sa chéad fhomhír gan dochar do mhaoirseacht éifeachtach ar bhonn comhdhlúite agus ní bheidh éifeachtaí díobhálacha díréireacha i gceist don chóras airgeadais i bpáirt nó ina iomláine i mBallstáit eile nó san Aontas ina iomláine ná ní fhoirmeoidh sé ná ní chruthóidh sé constaic i gcoinne fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|