De bhreis ar na ceanglais a leagtar síos i míreanna 1 go 5 den Airteagal seo, agus gan dochar d'fhorálacha eile an Rialacháin seo agus Threoir 2013/36/AE nuair a bheidh bonn cirt ann chun críocha maoirseachta de bharr shonraíochtaí
►C12
riosca
◄ nó struchtúr caipitil institiúide, nó i gcás ina nglacfaidh na Ballstáit dlíthe náisiúnta lena gceanglófar go ndéanfar gníomhaíochtaí laistigh de ghrúpa baincéireachta a scaradh go struchtúrach, féadfaidh na húdaráis inniúla a cheangal ar institiúid na hoibleagáidí a leagtar síos i gCodanna a Dó go dtí a hOcht den Rialachán seo agus i dTeideal VII de Threoir 2013/36/AE a chomhlíonadh ar bhonn fo-chomhdhlúite.
Beidh cur i bhfeidhm an chur chuige a leagtar amach sa chéad fhomhír gan dochar do mhaoirseacht éifeachtach ar bhonn comhdhlúite agus ní bheidh éifeachtaí díobhálacha díréireacha i gceist don chóras airgeadais i bpáirt nó ina iomláine i mBallstáit eile nó san Aontas ina iomláine ná ní fhoirmeoidh sé ná ní chruthóidh sé constaic i gcoinne fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.