|
+Airteagal 26 2. |
Airteagal 26 2.Chun críocha phointe (c) de mhír 1, mura mbeidh cead faighte roimh ré ón údarás inniúil ní fhéadfaidh institiúidí brabúis eatramhacha nó brabúis dheireadh na bliana a chur ar áireamh i gcaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 sula mbeidh cinneadh foirmiúil déanta ag an institiúid á dhearbhú brabús nó caillteanas deiridh na hinstitiúide don bhliain. Tabharfaidh an t-údarás inniúil cead i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:
(a)
go mbeidh fíorú déanta ar na brabúis sin ag daoine atá neamhspleách ar an institiúid atá freagrach as iniúchadh a dhéanamh ar chuntais na hinstitiúide sin;
(b)
go mbeidh sé léirithe ag an institiúid chun shásamh an údaráis inniúil go bhfuil aon mhuirear nó díbhinn intuartha asbhainte ó mhéid na mbrabús sin. Tabharfaidh fíorú ar bhrabúis eatramhacha nó ar bhrabúis deiridh bliana na hinstitiúide leibhéal leormhaith forchinntithe go bhfuil meastóireacht déanta ar na brabúis sin de réir na bprionsabal atá leagtha amach sa chreat cuntasaíochta is infheidhme. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|