+Airteagal 29 Ionstraimí caipitil arna n-eisiúint ag cumainn fhrithpháirteacha, ag comharchumainn, ag institiúidí coigiltis agus ag institiúidí atá cosúil leo
---+Airteagal 29 1.
---+Airteagal 29 2.
---+Airteagal 29 3.
---+Airteagal 29 4.
---+Airteagal 29 5.
---+Airteagal 29 6.

Airteagal 29 Ionstraimí caipitil arna n-eisiúint ag cumainn fhrithpháirteacha, ag comharchumainn, ag institiúidí coigiltis agus ag institiúidí atá cosúil leo

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 29 1.
Ionstraimí caipitil arna n-eisiúint ag cumainn fhrithpháirteacha, ag comharchumainn, ag institiúidí coigiltis agus ag institiúidí atá cosúil leo, ní cháileoidh siad mar ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 ach amháin má chomhlíontar na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 28 mar aon le modhnuithe a thig as an Airteagal seo a chur i bhfeidhm.
Airteagal 29 2.

Comhlíonfar na coinníollacha seo a leanas maidir le fuascailt na n-ionstraimí caipitil:

(a) 

seachas i gcás ina dtoirmeasctear é faoin dlí náisiúnta infheidhme, beidh sé ar chumas na hinstitiúide fuascailte na n-ionstraimí a dhiúltú;

(b) 

i gcás ina bhfuil toirmeasc faoin dlí náisiúnta infheidhme ar an institiúid diúltú ionstraimí a fhuascailt, cuirfidh na forálacha a rialaíonn na hionstraimí ar chumas na hinstitiúide a bhfuascailt a theorannú;

(c) 

ní teagmhas mainneachtana de chuid na hinstitiúide a bheidh i ndiúltú na hionstraimí a fhuascailt, ná i dteorainn a chur le fuascailt na n-ionstraimí nuair is infheidhme.

Airteagal 29 3.
Ní fhéadfaidh caidhp ná srian ar an uasleibhéal dáileacháin a bheith sna hionstraimí caipitil ach amháin i gcás ina bhfuil an chaidhp nó an srian sin leagtha amach faoin dlí náisiúnta infheidhme nó faoi reacht na hinstitiúide.
Airteagal 29 4.
I gcás ina gcuireann na hionstraimí caipitil cearta ar fáil don úinéir maidir le cúlchistí na hinstitiúide i gcás dócmhainneachta nó leachtachta atá teoranta do luach ainmniúil na n-ionstraimí, beidh feidhm ag teorainn den chineál sin sa mhéid chéanna i gcás shealbhóirí uile gach ionstraim Ghnáthchothromas Leibhéal 1 arna heisiúint ag an institiúid sin.

An coinníoll a leagtar síos sa chéad fhomhír, ní dochar é don deis a bheith ag cumann frithpháirteach, ag comharchumann, ag institiúid coigiltis nó ag institiúid atá cosúil leis ionstraimí a aithint laistigh de Ghnáthchothromas Leibhéal 1 nach mbronntar cearta vótála don sealbhóir leo agus lena gcomhlíontar an dá choinníoll seo araon a leanas:

(a) 

éileamh shealbhóirí na n-ionstraimí neamh-vótala i ndócmhainneacht nó i leachtacht na hinstitiúide, is comhréireach é le scair na n-ionstraimí iomlána sin de chuid Ghnáthchothromas Leibhéal 1 arb ionann í agus na hionstraimí neamh-vótála sin;

(b) 

cáilíonn na hionstraimí ar shlí eile mar ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1.

Airteagal 29 5.
I gcás ina dtugann na hionstraimí caipitil teidlíocht do na húinéirí éileamh a dhéanamh ar shócmhainní na hinstitiúidí i gcás dócmhainneachta nó leachtachta atá socraithe nó faoi réir caidhpe, beidh feidhm ag teorainn den chineál sin sa mhéid chéanna i gcás shealbhóirí uile gach ionstraim Ghnáthchothromas Leibhéal 1 arna eisiúint ag an institiúid.
Airteagal 29 6.
Forbróidh an ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun sainiú a dhéanamh na cineálacha teorainneacha is gá ar fhuascailt, i gcás ina bhfuil toirmeasc faoin dlí náisiúnta infheidhme ar an institiúid diúltú ionstraimí cistí dílse a fhuascailt.

Cuirfidh an ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Iúil 2013.

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir lehAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas