+Airteagal 29 4.

Airteagal 29 4.

I gcás ina gcuireann na hionstraimí caipitil cearta ar fáil don úinéir maidir le cúlchistí na hinstitiúide i gcás dócmhainneachta nó leachtachta atá teoranta do luach ainmniúil na n-ionstraimí, beidh feidhm ag teorainn den chineál sin sa mhéid chéanna i gcás shealbhóirí uile gach ionstraim Ghnáthchothromas Leibhéal 1 arna heisiúint ag an institiúid sin.

An coinníoll a leagtar síos sa chéad fhomhír, ní dochar é don deis a bheith ag cumann frithpháirteach, ag comharchumann, ag institiúid coigiltis nó ag institiúid atá cosúil leis ionstraimí a aithint laistigh de Ghnáthchothromas Leibhéal 1 nach mbronntar cearta vótála don sealbhóir leo agus lena gcomhlíontar an dá choinníoll seo araon a leanas:

(a) 

éileamh shealbhóirí na n-ionstraimí neamh-vótala i ndócmhainneacht nó i leachtacht na hinstitiúide, is comhréireach é le scair na n-ionstraimí iomlána sin de chuid Ghnáthchothromas Leibhéal 1 arb ionann í agus na hionstraimí neamh-vótála sin;

(b) 

cáilíonn na hionstraimí ar shlí eile mar ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas