+Airteagal 34 Coigeartuithe luacha breise
---+Airteagal 34 1.
---+Airteagal 34 2.
---+Airteagal 34 3.
---+Airteagal 34 4.

Airteagal 34 Coigeartuithe luacha breise

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 34 1.
Cuirfidh institiúidí ceanglais Airteagal 105 i bhfeidhm ar a sócmhainní uile arna dtomhas ag luach cóir nuair a ríomhtar méid a gcistí dílse agus asbhainfidh siad méid aon choigeartuithe luacha breise is gá ó chaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1.
Airteagal 34 2.
De mhaolú ar mhír 1, in imthosca urghnácha, imthosca a gcinnfear gurb ann dóibh le tuairim a chuir ÚBE ar fáil, i gcomhréir le mír 3, féadfaidh institiúidí na coigeartuithe luacha breise iomlána a laghdú le linn dóibh an méid iomlán atá le hasbhaint ó chaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 a ríomh.
Airteagal 34 3.
Chun an tuairim dá dtagraítear i mír 2 a sholáthar, déanfaidh ÚBE faireachán ar dhálaí an mhargaidh chun a mheasúnú ar tharla imthosca urghnácha agus, má tharla, tabharfaidh sé fógra láithreach don Choimisiún ina dtaobh.
Airteagal 34 4.
Forbróidh ÚBE, i gcomhairle le ESMA, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun na táscairí agus na coinníollacha a úsáidfidh ÚBE chun na himthosca urghnácha dá dtagraítear i mír 2 a chinneadh agus chun an laghdú ar na coigeartuithe luacha breise comhiomlánaithe uile dá dtagraítear sa mhír sin a shonrú.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Iúil 2026.

Tarmligfear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas