|
+Airteagal 47a 3. |
Airteagal 47a 3.Chun críocha phointe (m) d'Airteagal 36(1), aicmeofar na risíochtaí seo a leanas mar risíochtaí neamhthuillmheacha:
(a)
risíocht ar ina leith a mheastar go raibh mainneachtain ann i gcomhréir le hAirteagal 178;
(b)
risíocht a mheastar a bheith lagaithe i gcomhréir leis an gcreat cuntasaíochta is infheidhme;
(c)
risíocht atá faoi phromhadh de bhun mhír 7, i gcás ina ndeonaítear bearta staonta breise nó ina bhfuil an risíocht thar téarma níos faide ná 30 lá;
(d)
risíocht atá i bhfoirm ceangaltas ar dóigh nach n-aisíocfaí ina hiomláine é gan comhthaobhacht a réadú dá dtarraingeofaí anuas é nó dá n-úsáidfí ar shlí eile é;
(e)
risíocht atá i bhfoirm ráthaíocht airgeadais ar dóigh go nglaofaidh an páirtí ráthaithe í, lena n-áirítear i gcás ina gcomhlíonann an risíocht ráthaithe fholuiteach na critéir maidir lena meas mar bheith neamhthuillmheach. Chun críche phointe (a), i gcás ina bhfuil risíochtaí sa chlár comhardaithe ag institiúid ar oibleagáideoir, ar risíochtaí iad atá thar téarma níos faide ná 90 lá agus a chomhfhreagraíonn do níos mó ná 20 % de na risíochtaí uile sa chlár comhardaithe ar an oibleagáideoir sin, measfar gach risíocht sa chlár comhardaithe agus lasmuigh den chlár comhardaithe ar an oibleagáideoir sin a bheith neamhthuillmheach. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|