+Airteagal 47a Risíochtaí neamhthuillmheacha
---+Airteagal 47a 1.
---+Airteagal 47a 2.
---+Airteagal 47a 3.
---+Airteagal 47a 4.
---+Airteagal 47a 5.
---+Airteagal 47a 6.
---+Airteagal 47a 7.

Airteagal 47a Risíochtaí neamhthuillmheacha

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 47a 1.

Chun críocha phointe (m) d'Airteagal 36(1), áireofar le risíocht aon cheann de na hítimí seo a leanas, ar choinníoll nach gcuirtear iad ar áireamh i leabhar trádála na hinstitiúide:

(a) 

ionstraim fiachais, lena n-áirítear urrús fiachais, iasacht, airleacan, agus taisce phrapéilimh;

(b) 

gealltanas iasachta a tugadh, ráthaíocht airgeadais a tugadh nó aon ghealltanas eile a tugadh, is cuma cé acu atá sé in-chúlghairthe nó neamh-inchúlghairthe, cé is moite de shaoráidí creidmheasa neamhtharraingthe a fhéadfar a chur ar ceal gan choinníoll tráth ar bith gan fógra, nó a bhforáiltear go héifeachtach iontu d'uathchealú mar thoradh ar mheathlú in acmhainneacht chreidmheasa an iasachtaí.

Airteagal 47a 2.
Chun críocha phointe (m) d'Airteagal 36(1), beidh luach risíochta aon ionstraime fiachais cothrom leis an luach cuntasaíochta atá uirthi, rud a thomhaisfear gan aon choigeartuithe sonracha i leith priacal creidmheasa, coigeartuithe luacha breise i gcomhréir le hAirteagail 34 agus 105, méideanna arna n-asbhaint i gcomhréir le pointe (m) d'Airteagal 36(1), laghduithe eile ar chistí dílse a bhaineann leis an risíocht nó díscríobh i bpáirt arna ndéanamh ag an institiúid ón tráth deireanach ar aicmíodh an risíocht mar risíocht neamhthuillmheach a chur san áireamh.

Chun críocha phointe (m) d'Airteagal 36(1), áireofar an difríocht idir an luach ceannaigh agus an méid atá dlite ón bhféichiúnaí ar luach risíochta ionstraime fiachais a ceannaíodh ar phraghas níos ísle ná an méid atá dlite ón bhféichiúnaí.

Chun críocha phointe (m) d'Airteagal 36(1), beidh luach risíochta aon cheangaltais iasachta a thugtar, aon ráthaíochta airgeadais a thugtar nó aon cheangaltas eile a thugtar dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 den Airteagal seo cothrom leis an luach ainmniúil atá air nó uirthi, rud a bheidh cothrom le risíocht uasta na hinstitiúide ar phriacal creidmheasa gan aird a thabhairt ar aon chosaint chreidmheasa chistithe nó neamhchistithe. Beidh luach ainmniúil aon cheangaltais iasachta a tugadh cothrom leis an méid neamhtharraingthe ar gheall an institiúid go dtabharfadh sí ar iasacht é agus beidh luach ainmniúil aon ráthaíochta airgeadais a tugadh cothrom leis an méid uasta a d'fhéadfadh a bheith ar an eintiteas a íoc dá nglaofaí an ráthaíocht.

Ní chuirfear san áireamh leis an luach ainmniúil dá dtagraítear sa tríú fomhír den mhír seo aon choigeartú sonrach i leith priacal creidmheasa, aon choigeartuithe luacha breise i gcomhréir le hAirteagail 34 agus 105, méideanna arna n-asbhaint i gcomhréir le pointe (m) d'Airteagal 36(1) nó laghduithe eile ar chistí dílse a bhaineann leis an risíocht.

Airteagal 47a 3.

Chun críocha phointe (m) d'Airteagal 36(1), aicmeofar na risíochtaí seo a leanas mar risíochtaí neamhthuillmheacha:

(a) 

risíocht ar ina leith a mheastar go raibh mainneachtain ann i gcomhréir le hAirteagal 178;

(b) 

risíocht a mheastar a bheith lagaithe i gcomhréir leis an gcreat cuntasaíochta is infheidhme;

(c) 

risíocht atá faoi phromhadh de bhun mhír 7, i gcás ina ndeonaítear bearta staonta breise nó ina bhfuil an risíocht thar téarma níos faide ná 30 lá;

(d) 

risíocht atá i bhfoirm ceangaltas ar dóigh nach n-aisíocfaí ina hiomláine é gan comhthaobhacht a réadú dá dtarraingeofaí anuas é nó dá n-úsáidfí ar shlí eile é;

(e) 

risíocht atá i bhfoirm ráthaíocht airgeadais ar dóigh go nglaofaidh an páirtí ráthaithe í, lena n-áirítear i gcás ina gcomhlíonann an risíocht ráthaithe fholuiteach na critéir maidir lena meas mar bheith neamhthuillmheach.

Chun críche phointe (a), i gcás ina bhfuil risíochtaí sa chlár comhardaithe ag institiúid ar oibleagáideoir, ar risíochtaí iad atá thar téarma níos faide ná 90 lá agus a chomhfhreagraíonn do níos mó ná 20 % de na risíochtaí uile sa chlár comhardaithe ar an oibleagáideoir sin, measfar gach risíocht sa chlár comhardaithe agus lasmuigh den chlár comhardaithe ar an oibleagáideoir sin a bheith neamhthuillmheach.

Airteagal 47a 4.

Maidir le risíochtaí nach bhfuil faoi réir aon bhirt staonta, scoirfear dá n-aicmiú mar risíochtaí neamhthuillmheacha chun críocha phointe (m) d'Airteagal 36(1) i gcás ina gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

comhlíonann an risíocht na critéir imeachta a chuireann an institiúid i bhfeidhm chun scor de risíocht a aicmiú mar risíocht lagaithe i gcomhréir leis an gcreat cuntasaíochta is infheidhme agus chun scor de risíocht a aicmiú mar risíocht a mhainnigh i gcomhréir le hAirteagal 178;

(b) 

tá an oiread sin feabhais tagtha ar staid an oibleagáideora gur deimhin leis an institiúid gur dócha go ndéanfar aisíocaíocht iomlán thráthúil;

(c) 

ní ag an oibleagáideoir aon mhéid atá thar téarma níos faide ná 90 lá.

Airteagal 47a 5.
Ní scoirfear de risíocht a aicmiú mar risíocht neamhthuillmheach chun críocha phointe (m) d'Airteagal 36(1) i gcás ina n-aicmeofar risíocht neamhthuillmheach mar shócmhainn neamhreatha atá á sealbhú lena díol i gcomhréir leis an gcreat cuntasaíochta is infheidhme.
Airteagal 47a 6.

Maidir le risíochtaí neamhthuillmheacha atá faoi réir bearta staonta, scoirfear dá n-aicmiú mar risíochtaí neamhthuillmheacha chun críocha phointe (m) d'Airteagal 36(1) i gcás ina gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

tá scortha ag na risíochtaí sin de bheith i staid a d'fhágfadh go n-aicmeofaí iad mar risíochtaí neamhthuillmheacha faoi mhír 3;

(b) 

tá bliain amháin ar a laghad imithe thart ón dáta a deonaíodh na bearta staonta nó ón dáta a aicmíodh na risíochtaí mar risíochtaí neamhthuillmheacha, cibé tráth acu is déanaí;

(c) 

níl aon mhéid thar téarma ann tar éis na mbeart staonta agus is deimhin leis an institiúid, bunaithe ar an anailís ar staid airgeadais an oibleagáideora, gur dócha go ndéanfar aisíocaíocht iomlán thráthúil i leith na risíochta.

Féadfar a mheas gur dócha go ndéanfar aisíocaíocht iomlán thráthúil i gcás ina ndéanann an t‐oibleagáideoir íocaíochtaí rialta tráthúla atá cothrom le ceann amháin díobh seo a leanas:

(a) 

an méid a bhí thar téarma sular deonaíodh an beart staonta, i gcás ina raibh méideanna thar téarma ann;

(b) 

an méid a díscríobhadh faoi na bearta staonta a deonaíodh, i gcás nach raibh aon mhéideanna thar téarma ann.

Airteagal 47a 7.

I gcás ina scoirfear de risíocht a aicmiú mar risíocht neamhthuillmheach de bhun mhír 6, beidh an risíocht sin faoi phromhadh go dtí go gcomhlíonfar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

chuaigh dhá bhliain ar a laghad thart ón dáta a athaicmíodh an risíocht atá faoi réir bearta staonta mar risíocht thuillmheach;

(b) 

rinneadh íocaíochtaí rialta tráthúla le linn leath na tréimhse ar a laghad ina raibh an risíocht faoi phromhadh, rud a d'fhág gur íocadh méid comhiomlán suntasach príomhshuime nó úis;

(c) 

níl aon cheann de na risíochtaí ar an oibleagáideoir thar téarma níos faide ná 30 lá.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas