+Airteagal 47c Asbhaint le haghaidh risíochtaí neamhthuillmheacha
---+Airteagal 47c 1.
---+Airteagal 47c 2.
---+Airteagal 47c 3.
---+Airteagal 47c 4.
---+Airteagal 47c 4a.
---+Airteagal 47c 5.
---+Airteagal 47c 6.

Airteagal 47c Asbhaint le haghaidh risíochtaí neamhthuillmheacha

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 47c 1.

Chun críocha phointe (m) d'Airteagal 36(1), is tríd an méid a chinnfear i bpointe (b) den mhír seo a dhealú ón méid a chinnfear i bpointe (a) den mhír seo a chinnfidh institiúidí an méid cumhdaigh neamhdhóthanaigh is infheidhme le haghaidh gach risíochta neamhthuillmhí ar leithligh a asbhainfear ó ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, i gcás inar mó an tsuim dá dtagraítear i bpointe (a) ná an tsuim dá dtagraítear i bpointe (b):

(a) 

suim na nithe seo a leanas:

(i) 

an chuid neamhurraithe de gach risíocht neamhthuillmheach, más ann di, arna hiolrú faoin bhfachtóir is infheidhme dá dtagraítear i mír 2;

(ii) 

an chuid urraithe de gach risíocht neamhthuillmheach, más ann di, arna hiolrú faoin bhfachtóir is infheidhme dá dtagraítear i mír 3;

(b) 

suim na n-ítimí seo a leanas ar choinníoll go mbaineann siad leis an risíocht neamhthuillmheach chéanna:

(i) 

coigeartuithe sonracha i leith priacal creidmheasa;

(ii) 

coigeartuithe luacha breise i gcomhréir le hAirteagail 34 agus 105;

(iii) 

laghduithe eile ar chistí dílse;

(iv) 

i gcás institiúidí a ríomhann méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal trí úsáid a bhaint as an gCur Chuige Bunaithe ar Rátálacha Inmheánacha, dearbhluach na méideanna arna n-asbhaint de bhun phointe (d) d'Airteagal 36(1) a bhaineann le risíochtaí neamhthuillmheacha, i gcás ina gcinnfear an dearbhluach is inchurtha i leith gach risíochta neamhthuillmhí trí na méideanna arna n-asbhaint de bhun phointe (d) d'Airteagal 36(1) a iolrú faoin rannchuidiú a dhéanfaidh an méid caillteanais ionchasaigh le haghaidh na risíochta neamhthuillmhí maidir leis na méideanna iomlána caillteanais ionchasaigh le haghaidh risíochtaí a mhainnigh nó nár mhainnigh, de réir mar is infheidhme;

(v) 

i gcás ina gceannófar risíocht neamhthuillmheach ar phraghas níos ísle ná an méid atá dlite ón bhféichiúnaí, an difríocht idir an luach ceannaigh agus an méid atá dlite ón bhféichiúnaí;

(vi) 

méideanna a dhíscríobh an institiúid ó aicmíodh an risíocht mar risíocht neamhthuillmheach.

Is í an chuid urraithe de risíocht neamhthuillmheach an chuid den risíocht a mheastar, chun críche ceanglais cistí dílse de bhun Theideal II de Chuid a Trí a ríomh, go bhfuil sí cumhdaithe le cosaint chreidmheasa chistithe nó neamhchistithe nó urraithe go huile agus go hiomlán le morgáistí.

Comhfhreagraíonn an chuid neamhurraithe de risíocht neamhthuillmheach don difríocht, más ann di, idir luach na risíochta dá dtagraítear in Airteagal 47a(1) agus an chuid urraithe den risíocht, más ann di.

Airteagal 47c 2.

Chun críocha phointe (a)(i) de mhír 1, beidh feidhm ag na fachtóirí seo a leanas:

(a) 

0,35 don chuid neamhurraithe de risíocht neamhthuillmheach a chuirfear i bhfeidhm le linn na tréimhse idir an chéad lá agus an lá deireanach den tríú bliain tar éis í a aicmiú mar risíocht neamhthuillmheach;

(b) 

1 don chuid neamhurraithe de risíocht neamhthuillmheach a chuirfear i bhfeidhm amhail ón gcéad lá den cheathrú bliain tar éis í a aicmiú mar risíocht neamhthuillmheach.

Airteagal 47c 3.

Chun críocha phointe (a)(ii) de mhír 1, beidh feidhm ag na fachtóirí seo a leanas:

(a) 

0,25 don chuid urraithe de risíocht neamhthuillmheach a chuirfear i bhfeidhm le linn na tréimhse idir an chéad lá agus an lá deireanach den cheathrú bliain tar éis í a aicmiú mar risíocht neamhthuillmheach;

(b) 

0,35 don chuid urraithe de risíocht neamhthuillmheach a chuirfear i bhfeidhm le linn na tréimhse idir an chéad lá agus an lá deireanach den chúigiú bliain tar éis í a aicmiú mar risíocht neamhthuillmheach;

(c) 

0,55 don chuid urraithe de risíocht neamhthuillmheach a chuirfear i bhfeidhm le linn na tréimhse idir an chéad lá agus an lá deireanach den séú bliain tar éis í a aicmiú mar risíocht neamhthuillmheach;

(d) 

0,70 don chuid de risíocht neamhthuillmheach arna hurrú ag maoin dhochorraithe de bhun Theideal II de Chuid a Trí nó ar iasacht chónaitheach í arna rathú ag soláthraí cosanta incháilithe dá dtagraítear in Airteagal 201, a chuirfear i bhfeidhm le linn na tréimhse idir an chéad lá agus an lá deireanach den seachtú bliain tar éis í a aicmiú mar risíocht neamhthuillmheach;

(e) 

0,80 don chuid de risíocht neamhthuillmheach arna hurrú ag cosaint chreidmheasa chistithe nó neamhchistithe eile de bhun Theideal II de Chuid a Trí a chuirfear i bhfeidhm le linn na tréimhse idir an chéad lá agus an lá deireanach den seachtú bliain tar éis í a aicmiú mar risíocht neamhthuillmheach;

(f) 

0,80 don chuid de risíocht neamhthuillmheach arna hurrú ag maoin dhochorraithe de bhun Theideal II de Chuid a Trí nó ar iasacht chónaitheach í arna rathú ag soláthraí cosanta incháilithe dá dtagraítear in Airteagal 201, a chuirfear i bhfeidhm le linn na tréimhse idir an chéad lá agus an lá deireanach den ochtú bliain tar éis í a aicmiú mar risíocht neamhthuillmheach;

(g) 

1 don chuid de risíocht neamhthuillmheach arna hurrú ag cosaint chreidmheasa chistithe nó neamhchistithe eile de bhun Theideal II de Chuid a Trí a chuirfear i bhfeidhm amhail ón gcéad lá den ochtú bliain tar éis í a aicmiú mar risíocht neamhthuillmheach;

(h) 

0,85 don chuid de risíocht neamhthuillmheach arna hurrú ag maoin dhochorraithe de bhun Theideal II de Chuid a Trí nó ar iasacht chónaitheach í arna rathú ag soláthraí cosanta incháilithe dá dtagraítear in Airteagal 201, a chuirfear i bhfeidhm le linn na tréimhse idir an chéad lá agus an lá deireanach den naoú bliain tar éis í a aicmiú mar risíocht neamhthuillmheach;

(i) 

1 don chuid de risíocht neamhthuillmheach arna hurrú ag maoin dhochorraithe de bhun Theideal II de Chuid a Trí nó ar iasacht chónaitheach í arna rathú ag soláthraí cosanta incháilithe dá dtagraítear in Airteagal 201, a chuirfear i bhfeidhm amhail ón gcéad lá den deichiú bliain tar éis í a aicmiú mar risíocht neamhthuillmheach.

Airteagal 47c 4.

►M17  De mhaolú ar mhír 3 den Airteagal seo, beidh feidhm ag na fachtóirí seo a leanas maidir leis an gcuid den neamhchosaint neamhthuillmheach arna ráthú nó arna frithráthú ag soláthraí cosanta incháilithe dá dtagraítear in Airteagal 201(1), pointí (a) go (e), na neamhchosaintí neamhurraithe a sannfaí ualú riosca 0 % dóibh faoi Chuid a Trí, Teideal II, Caibidil 2: ◄

▼M7

(a) 

0 don chuid urraithe den risíocht neamhthuillmheach a chuirfear i bhfeidhm le linn na tréimhse idir bliain amháin agus seacht mbliana tar éis í a aicmiú mar risíocht neamhthuillmheach; agus

▼M17

(b) 

1 le haghaidh na coda urraithe den neamhchosaint neamhthuillmheach a chuirfear i bhfeidhm ón gcéad lá den ochtú bliain tar éis í a aicmiú mar neamhchosaint neamhthuillmheach, mura rud é gur chomhaontaigh an soláthraí cosanta incháilithe oibleagáidí íocaíochta uile an oibleagáideora i leith na hinstitiúide a chomhlíonadh go hiomlán agus i gcomhréir leis an mbunsceideal íocaíochta conartha, agus sa chás sin beidh feidhm ag fachtóir 0 le haghaidh na coda urraithe den neamhchosaint neamhthuillmheach.

Airteagal 47c 4a.
De mhaolú ar mhír 3, ní bheidh an chuid den neamhchosaint neamhthuillmheach arna ráthú nó arna hárachú ag gníomhaireacht creidmheasa onnmhairiúcháin oifigiúil faoi réir na gceanglas a leagtar síos san Airteagal seo.
Airteagal 47c 5.
Déanfaidh ÚBE measúnú ar an raon cleachtas a chuirtear i bhfeidhm chun risíochtaí neamhthuillmheacha urraithe a luacháil agus féadfaidh sé treoirlínte a fhorbairt chun modheolaíocht chomhchoiteann a shonrú, lena n-áirítear ceanglais íosta fhéideartha i leith athluacháil ó thaobh modhanna uainithe agus modhanna ad hoc de, i leith luacháil stuamachta a dhéanamh ar chineálacha incháilithe cosanta creidmheasa cistithe agus neamhchistithe, go háirithe maidir le toimhdí a bhaineann le hin-aisghabhálacht agus le hin-fhorfheidhmitheacht. Féadfar a áireamh leis na treoirlínte sin modheolaíocht chomhchoiteann chun an chuid urraithe de risíocht neamhthuillmheach dá dtagraítear i mír 1 a chinneadh.

Eiseofar na treoirlínte sin i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 47c 6.
De mhaolú ar mhír 2, i gcás inar deonaíodh beart staonta do risíocht idir bliain amháin agus dhá bhliain tar éis í a aicmiú mar risíocht neamhthuillmheach, an fachtóir is infheidhme i gcomhréir le mír 2 an dáta a ndeonófar an beart staonta, beidh sé infheidhme go ceann bliain bhreise.

De mhaolú ar mhír 3, i gcás inar deonaíodh beart staonta do risíocht idir dhá bhliain agus sé bliana tar éis í a aicmiú mar risíocht neamhthuillmheach, an fachtóir is infheidhme i gcomhréir le mír 3 an dáta a ndeonófar an beart staonta, beidh sé infheidhme go ceann bliain bhreise.

Ní bheidh feidhm ag an mír seo ach amháin maidir leis an gcéad bheart staonta a deonaíodh ón tráth ar aicmíodh an risíocht mar risíocht neamhthuillmheach.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas