+Airteagal 47c 1.

Airteagal 47c 1.

Chun críocha phointe (m) d'Airteagal 36(1), is tríd an méid a chinnfear i bpointe (b) den mhír seo a dhealú ón méid a chinnfear i bpointe (a) den mhír seo a chinnfidh institiúidí an méid cumhdaigh neamhdhóthanaigh is infheidhme le haghaidh gach risíochta neamhthuillmhí ar leithligh a asbhainfear ó ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, i gcás inar mó an tsuim dá dtagraítear i bpointe (a) ná an tsuim dá dtagraítear i bpointe (b):

(a) 

suim na nithe seo a leanas:

(i) 

an chuid neamhurraithe de gach risíocht neamhthuillmheach, más ann di, arna hiolrú faoin bhfachtóir is infheidhme dá dtagraítear i mír 2;

(ii) 

an chuid urraithe de gach risíocht neamhthuillmheach, más ann di, arna hiolrú faoin bhfachtóir is infheidhme dá dtagraítear i mír 3;

(b) 

suim na n-ítimí seo a leanas ar choinníoll go mbaineann siad leis an risíocht neamhthuillmheach chéanna:

(i) 

coigeartuithe sonracha i leith priacal creidmheasa;

(ii) 

coigeartuithe luacha breise i gcomhréir le hAirteagail 34 agus 105;

(iii) 

laghduithe eile ar chistí dílse;

(iv) 

i gcás institiúidí a ríomhann méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal trí úsáid a bhaint as an gCur Chuige Bunaithe ar Rátálacha Inmheánacha, dearbhluach na méideanna arna n-asbhaint de bhun phointe (d) d'Airteagal 36(1) a bhaineann le risíochtaí neamhthuillmheacha, i gcás ina gcinnfear an dearbhluach is inchurtha i leith gach risíochta neamhthuillmhí trí na méideanna arna n-asbhaint de bhun phointe (d) d'Airteagal 36(1) a iolrú faoin rannchuidiú a dhéanfaidh an méid caillteanais ionchasaigh le haghaidh na risíochta neamhthuillmhí maidir leis na méideanna iomlána caillteanais ionchasaigh le haghaidh risíochtaí a mhainnigh nó nár mhainnigh, de réir mar is infheidhme;

(v) 

i gcás ina gceannófar risíocht neamhthuillmheach ar phraghas níos ísle ná an méid atá dlite ón bhféichiúnaí, an difríocht idir an luach ceannaigh agus an méid atá dlite ón bhféichiúnaí;

(vi) 

méideanna a dhíscríobh an institiúid ó aicmíodh an risíocht mar risíocht neamhthuillmheach.

Is í an chuid urraithe de risíocht neamhthuillmheach an chuid den risíocht a mheastar, chun críche ceanglais cistí dílse de bhun Theideal II de Chuid a Trí a ríomh, go bhfuil sí cumhdaithe le cosaint chreidmheasa chistithe nó neamhchistithe nó urraithe go huile agus go hiomlán le morgáistí.

Comhfhreagraíonn an chuid neamhurraithe de risíocht neamhthuillmheach don difríocht, más ann di, idir luach na risíochta dá dtagraítear in Airteagal 47a(1) agus an chuid urraithe den risíocht, más ann di.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas