|
+Airteagal 49 2. |
Airteagal 49 2.Ar mhaithe le cistí dílse a ríomh ar bhonn aonair agus ar bhonn fo-chomhdhlúite, ní dhéanfaidh institiúidí atá faoi réir maoirseachta ar bhonn comhdhlúite i gcomhréir le Caibidil 2 de Theideal II de Chuid a hAon sealúchais ionstraimí cistí dílse de chuid eintiteas earnála airgeadais a asbhaint, ar eintitis iad atá san áireamh i raon feidhme na maoirseachta comhdhlúite, ach amháin má chinneann na húdaráis inniúla go gceanglaítear na hasbhaitntí sin chun críocha sonracha, go háirithe chun gníomhaíochtaí baincéireachta a scaradh go struchtúrach, agus pleanáil réitigh. Agus an cur chuige seo dá dtagraítear sa chéad fhomhír á chur i bhfeidhm ní fhéadfaidh go mbeidh éifeachtaí díobhálacha díréireacha i gceist don chóras airgeadais i bpáirt nó ina iomláine i mBallstáit eile nó de chuid an AE ina iomláine ina fhoirmeoidh nó ina chruthóidh sé constaic i gcoinne fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. Ní bheidh feidhm ag an mír seo nuair a bheifear ag ríomh cistí dílse chun críocha na gceanglas a leagtar síos in Airteagail 92a agus 92b, rud a ríomhfar i gcomhréir leis an gcreat asbhainte a leagtar amach in Airteagal 72e(4). Ní bheidh feidhm ag an mír seo maidir leis na hasbhaintí a leagtar amach in Airteagal 72e(5). 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|