+Airteagal 54 Ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 a dhíluacháil nó a chomhshó
---+Airteagal 54 1.
---+Airteagal 54 2.
---+Airteagal 54 3.
---+Airteagal 54 4.
---+Airteagal 54 5.
---+Airteagal 54 6.
---+Airteagal 54 7.

Airteagal 54 Ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 a dhíluacháil nó a chomhshó

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 54 1.

Chun críocha phointe (n) d'Airteagal 52(1), beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas maidir le hionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1:

(a) 

tarlóidh eachtra thucaide nuair a thitfidh an cóimheas de Ghnáthchothromas Leibhéal 1 atá ag an institiúid dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 92(1) faoi bhun ceachtar díobh seo a leanas:

(i) 

5.125 %;

(ii) 

leibhéal níos airde ná 5.125 %, i gcás inar chinntigh an institiúid é agus inar sonraíodh é sna forálacha lena rialaítear an ionstraim;

(b) 

Féadfaidh institiúidí eachtra thucaide amháin nó níos mó a shonrú sna forálacha lena rialaítear an ionstraim, de bhreis ar an eachtra a dtagraítear di i bpointe(a);

(c) 

i gcás ina gceanglaíonn na forálacha lena rialaítear na hionstraimí iad a chomhshó ina ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, tráth a dtarlaíonn eachtra thucaide, sonróidh na forálacha sin ceachtar díobh seo a leanas:

(i) 

ráta comhshóite den sórt sin agus teorainn ar an méid comhshóite a cheadófar;

(ii) 

raon, ar laistigh de, a chomhshóidh na hionstraimí ina n-ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1;

(d) 

i gcás ina gceanglaíonn na forálacha lena rialaítear na hionstraimí méid a bpríomhshuime a dhíluacháil tráth a dtarlaíonn eachtra thucaide, laghdófar na nithe seo a leanas ar fad sa díluacháil:

(i) 

éileamh shealbhóir na hionstraime i ndócmhainneacht nó i leachtú na hinstitiúide;

(ii) 

an méid a cheanglaítear a íoc i gcás ina ndéantar an ionstraim a ghlaoch nó a fhuascailt;

(iii) 

na dáileacháin a dhéantar faoin ionstraim;

▼M8

(e) 

i gcás ina n-eisíonn gnóthas fochuideachta atá bunaithe i dtríú tír na hionstraimí Leibhéal 1 Breise, déanfar an truicear dar méid 5,125 % nó níos airde, dá dtagraítear i bpointe (a) a ríomh i gcomhréir le dlí náisiúnta an tríú tír sin nó leis na forálacha conarthacha lena rialaítear na hionstraimí, ar choinníoll gur deimhin leis an údarás inniúil, tar éis dó dul i gcomhairle le ÚBE, go bhfuil na forálacha sin comhionann, ar a laghad, leis na ceanglais a leagtar amach san Airteagal seo.

▼B

Airteagal 54 2.
Le díluacháil nó le comhshó ionstraim de Chaipiteal Breise Leibhéal 1, déanfar, faoin gcreat cuntasaíochta is infheidhme, ítimí a ghiniúint a cháilíonn mar ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1.
Airteagal 54 3.
Tá méid na n-ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 a aithnítear in ítimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 teoranta d'íosmhéid na n-ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 a ghinfí dá ndéanfaí méid phríomhshuim na n-ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 a dhíluacháil go hiomlán nó a chomhshó ina n-ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1.
Airteagal 54 4.

Maidir le méid comhiomlán ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 nach mór a dhíluacháil nó a chomhshó tráth a dtarlaíonn eachtra thucaide, ní bheidh sé níos lú ná an ceann is ísle de na méideanna seo a leanas:

(a) 

an méid a theastaíonn chun an cóimheas caipitil de Ghnáthchothromas Leibhéal 1 institiúide a chur ar ais go hiomlán go 5.125 %;

(b) 

méid iomlán phríomhshuim na hionstraime.

Airteagal 54 5.

Nuair a tharlóidh eachtra thucaide déanfaidh institiúidí an méid seo a leanas:

(a) 

na hinstitiúidí inniúla a chur ar an eolas láithreach bonn;

(b) 

sealbhóirí na nIonstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 a chur ar an eolas;

(c) 

príomhshuim na n-ionstraimí a dhíluacháil, nó na hionstraimí a chomhshó ina n-ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 gan mhoill, ach tráth nach déanaí ná i gceann mí amháin, i gcomhréir leis an gceanglas a leagtar síos san Airteagal seo.

Airteagal 54 6.
Déanfaidh institiúid a eisíonn ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 a chomhshónn ina n-ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 tráth a dtarlaíonn eachtra thucaide a áirithiú gur leor i gcónaí a scairchaipiteal údaraithe chun na hionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 inchomhshóite sin go léir a chomhshó ina scaireanna má tharlaíonn eachtra thucaide. Gheofar na húdaruithe uile is gá ar dháta eisiúna na n-ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 in-chomhshóite sin. Coinneoidh an institiúid an réamhúdarú is gá chun na hionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 a eisiúint, ar ionstraimí iad ina gcomhshódh na hionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 sin tráth a tharlódh eachtra thucaide.
Airteagal 54 7.
Déanfaidh institiúid a eisíonn ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 a chomhshónn ina n-ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 tráth a dtarlaíonn eachtra thucaide a áirithiú nach mbeidh baic nós imeachta ann leis an gcomhshó sin de bhun a hionchorpraithe nó a reachtanna nó de bhun socruithe reachtúla nó conarthacha.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas